Nasc Ceilteach

Níl ach turas gearr farraige idir Éirinn agus an Bhreatain Bheag, dhá thír a bhfuil teangacha Ceiltise á labhairt iontu ach is…

Níl ach turas gearr farraige idir Éirinn agus an Bhreatain Bheag, dhá thír a bhfuil teangacha Ceiltise á labhairt iontu ach is beag teagmháil a bhíonn idir a lucht labhartha, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Beirt a bhfuil móriarracht déanta acu nasc a dheanamh idir an dá theanga is ea an an file Breatnach, Ifor ap Glyn, agus an scríbhneoir Gaeilge, Micheál Ó Conghaile.

Tá dráma dá gcuid, Frongoch, á chur ar an stáitse ag foireann aisteoirí ón Bhreatain Bheag (North Wales Stage) atá ar camchuairt in Éirinn faoi láthair.

Tá an dráma suite sa champa géibhinn, Frongoch, i dtuaisceart na Breataine Bige, campa chuig ar cuireadh cuid mhór de na príosúnaigh Éireannacha a gabhadh tar éis Éirí Amach 1916.

READ MORE

Is ann a tháinig Micheál Ó Coileáin chun cinn mar cheannaire. Ach ní hiad cúrsaí na hÉireann is mó atá faoi chaibidil sa dráma seo ach an dóigh a chuaigh sé i gcion ar phobal beag Breatnaiseoirí scaifte mór Éireannach bheith lonnaithe ina measc agus an teagmháil a bhí ag na hÉireannaigh leo.

Tá 75 faoin gcéad den dráma i mBéarla, 20 faoin gcéad i mBreatnais agus 5 faoin gcéad i nGaeilge.

Is comhlacht é North Wales Stage a bhfuil mórchuid déanta acu chun drámaíocht Breatnaise a chur ar fáil do phobal níos leithne agus bíonn seifteanna éagsúla acu chun a chinntiú go leanfaidh an chuid sin den lucht freastail nach bhfuil an teanga acu, a bhfuil ag tarlú.

Anocht an dara hoíche do Frongoch bheith ar siúl sa Town Hall Theatre, Gaillimh. Beidh sé sa Chultúrlann, Béal Feirste, Dé hAoine agus Dé Sathairn agus an tseachtain seo chugainn ón Luan go Satharn sa Project Arts Centre, Baile Átha Cliath.