Naisc

Crobhingne: Tá ráite go bhfuil sé nasc gaoil idir gach aon duine ar an saol seo

Crobhingne: Tá ráite go bhfuil sé nasc gaoil idir gach aon duine ar an saol seo. Go bhfuilimid ar fad ceangailte le chéile in aon slabhra mór amháin agus nach fada ár gcuid lúbanna óna chéile.

Is dá réir sin go bhfuil ioscaid ghaoil againn ar fad le Machmad is le Stalin is le Naomh Assisi is le Pretty Polly Pot is le hÍosa is le Brídín Bhéasach. Is é sin a dheineann an cine daoine dínn agus a éilíonn dílseacht.

An grá atá againn dár gcuid teaghlach sínte féin agus dár gcuid clann amach, níl ann ach ruithneadh fann ar an meas ba chóir a bheith againn ar an gcine ar fad. Mar is den aon chomhthalán amháin mise agus tusa agus an neach ar ball agus Maradonna agus Madonna agus an fear ar an sliabh.

Ba dhóigh leat mar sin nach cúis iontais é nuair a bhíonn na polaiteoirí agus na tráchtairí ag brú gaoil ar phearsana seachas a chéile in aon leaba fhlocais nó ar chlár bog déil.

READ MORE

Má tá nasc idir Alastair Mór agus Gooch Cooper ní hionann sin is a rá go bhfuil Ciarraí ag iarraidh concas a dhéanamh ar an Áise Bheag, ná cultúr sibhialta na Gréige ar tí a theacht go Trá Lí.

Ach tá maíte go minic ag Dick Cheney, fear a bhfuil slabhra cheana ina ainm, go raibh nasc riamh idir Soddam Hussein agus Osama Ben Uí Loideáin na Gaillimhe agus na pluaise Tora Bora. Cleas deas sleamhain slabrúil an dá ainm a lua le chéile, mar a dheineann a ghiolla sceiche sa Teach Geal.

Ionann iad a lua le chéile agus an ceangal a dhéanamh idir chéad bhúistéir Bhagdaid agus ionsaí Al Chacaíde ar Nua-Eabhrac.

Ní féidir go bhfuil dara búistéir Bhagdaid, an ró-urramach ardoirmhinneach ríshoilseach Seoirse Whác Vác Mac na Sceiche Gile róthógtha i gcónaí leis an gceangal simplí seo, dá mhéid a bhrath air.

Ní fios cén caitheamh atá déanta ar chillíní a inchinne go dtí seo, ach ní féidir nach bhfeicfeadh sé - voil, cuirimis i gcás nach féidir nach bhfeicfeadh sé - an "nasc" idir cás Soddam/Loideáin agus cás a sheanathar Bush/Hitler.

De réir fianaise bheirt sclábhaithe a bhí in Auschwitz agus an eolais atá nochtaithe de dhroim a gcuid líomhaintí, bhí dlúthcheangal idir Comhchomhlacht Cruach na Siléise a bhaineadh dubhearraíocht as táirtráilleacht sna campaí géibhinn agus Fritz Thyssen a sheol maoin agus airgead isteach sa Pháirtí Naitsíoch a fuair infheistíocht nár bheag ó Phrescott Bush, seanathair na Sceiche Móire agus Impire an Domhain.

Tá an líne sin díreach go leor. Tá uachtarán áirithe ina shuí ar choróin na Stát Aontaithe toisc gur maraíodh na milliúin Giúdach agus Giofóg, más fíor.

Agus tá, gan amhras, agus gan aon agó, agus gan bhréig, nasc idir an bhuíon phrotastúnach ar chapaill a dhein ionsaí ar theach chóip na sráide Westminster an tseachtain cheana agus an teaghlach mar dhea ríogúil Hohenzolleran Battenbugger SaxyCoburg Bhindsorúil.

Is amhlaidh go mbíodh siad ag marcaíocht ar eachaibh agus ar dhaoine lena chéile agus ag ól as an gcomhchorn club. Ní gaol sínte ach oiread atá acu le Gaelaibh, ós ní é go ritheann an fhuil ríogúil i srutháin ghorma nach bhfeadair an chuid eile againn.

Maítear go bhfuil nasc idir Josuf Islam agus radacaigh Mhuslamacha.

Seans maith gur léigh siad An Leabhar Coran Céanna, ach ní móide gur éist lucht Mhosc an Chorráin Ghéir leis an iomann Críostaí faoin maidin ag breacadh ar nós na chéad mhaidne agus an lon dubh ag canadh ar nós an chéad lae go rómhinic.

Tá cloiste agam go bhfuil an t-amhrán sin bunaithe ar iomann Gáidhlig, rud a fhágann nach foláir nó tá muintir Uibhist a Tuath ciontach ar shlí éigin san ionsaí ar dhá thúr Mhanhatten.

Tá aithne agam ar chara le cara a bhfuil deirfiúr aige atá ag siúl amach le duine a síleann sí gur homóghnéasach é a raibh a athair as sráidbhaile beag ar ligeadh do theaghlaigh bás a fháil ann den ocras le linn an ghorta ach a bhfuil neacht chol seachtair leis anois i mbun brú óige san áit a dtagann mórán Afraiceánach le lonnú ann a bhfuil Aids riofa tríothu agus a raibh baint acu le cinedhíothú na dTutsis in Ruanda ach anois go vótáileann sí d'Fhianna Fáil.

Táim idir dhá aigne labhairt lem chara arís ar eagla go gcuirfí im leith go vótálaim d'Fhianna Fáil, mar níl aon amhras ná go bhfuil ceangal le fionnadh áit éigin. Ar rith sé leat riamh gurbh fhearr nach mbeadh nasc ar bith eadrainn?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar