Moill agus éiginnteacht i ndiaidh chruinniú thuaidh/theas

TUARASCÁIL: TUILLEADH MOILLE ar, agus éiginnteachta faoi, chur chun cinn na Gaeilge

TUARASCÁIL:TUILLEADH MOILLE ar, agus éiginnteachta faoi, chur chun cinn na Gaeilge. Sin an toradh a bhí ar chruinniú de chuid na Comhairle Aireachta Thuaidh/Theas (CATT) in Ard Mhacha an Chéadaoin seo caite.

Bhí an cruinniú le plé a dhéanamh ar Shamhail Nua Mhaoinithe Fhoras na Gaeilge – samhail a chreideann bunús na n-eagras teanga a chuirfidh deireadh leo agus a dhéanfaidh scrios ar chúrsaí Gaeilge an phobail, thuaidh agus theas.

Bhí an foras ag súil le faomhadh ar a gcuid pleananna ach gonc a fuair siad ina áit sin. Ba é rún an fhorais cead a fháil le hocht scéim teanga ar leith a thosú seachas leanstan den chur chuige traidisiúnta agus eagrais a mhaoiniú le dul ag obair ar a gconlán féin.

Ach níor shásaigh cur chuige an fhorais an Chomhairle Aireachta. Thug siad le fios gur cheart don fhoras tréimhse bhreise chomhairliúcháin 12 seachtain a dhéanamh – leis na heagrais bhunmhaoinithe “go háirithe” – faoi na scéimeanna.

READ MORE

Dúirt an chomhairle gur chóir don fhoras tionchar na ndréachtscéimeanna a scrúdú agus iad “a leasú de réir mar is gá agus mar is cuí” – rud is ionann agus droim láimhe a thabhairt leo ina riocht reatha.

D’fháiltigh príomhfheidhmeannach Ghael-Linn, Antoine Ó Coileáin, roimh chinneadh na comhairle gan faomhadh a thabhairt do mholtaí an fhorais.

Cháin sé an foras as gan dul i dteagmháil leis an earnáil dheonach faoi na scéimeanna agus chosain sé an earnáil chéanna mar “acmhainn luachmhar” a raibh “saineolas a cuid foirne agus tacaíocht a cuid lucht leanúna” ina neart.

Bhí sé soineanta ag an fhoras a smaoineamh go dtiocfadh leo deireadh a chur le heagrais ar an toirt agus dreamanna níos fearr a aimsiú de thoradh iarratas poiblí ar thairiscintí. Bhí an foras le bunmhaoiniú a bhaint de na heagrais faoi dheireadh mhí an Mheithimh 2012, a dúirt sé.

Bhí sé ag súil le dul ag obair leis an fhoras le teacht “ar mhúnla éifeachtach inoibrithe d’earnáil dheonach na Gaeilge, múnla a bheidh tógtha go daingean ar an gcuid is fearr dá bhfuil ann faoi láthair”.

Tháinig ráiteas Uí Choileáin sna sála ar litir a chuir tromlach na n-eagras faoi bhráid na n-airí cultúir/Gaeltachta sa dá dhlínse – Carál Ní Chuilín, Jimmy Deenihan agus Dinny McGinley – roimh chruinniú na Céadaoine seo caite.

Níor chuir na heagrais fiacail ann agus iad ag ionsaí phleananna an fhorais. Bhí “easpa machnaimh” le sonrú sna moltaí; bhí siad neamh-chomhleanúnach, róshimplí agus gan “aon anailís oibiachtúil, feasach, dhomhain” iontu.

Thug siad “próiseas fabhtach amach is amach” ar fhorbairt pholasaí an fhorais, próiseas a sháraigh gach “prionsabal dea-chleachtais agus próiseas cuí maidir le forbairt polasaí. Ní raibh trédhearcacht ar bith ann agus coinníodh cáipéisíocht ábhartha faoi cheilt gan aon chúis mhaith”.

Dúirt siad gur cuireadh “bacanna gan stad” lena gcuid iarrachtaí féin páirt a ghlacadh sa phróiseas agus ní raibh siad sásta leis an bhainistiú a rinneadh ar an chomhairliú foirmeálta.

D’iarr siad “go ndiúltódh an CATT don mholadh reatha agus go dtabharfaí treoir d’Fhoras na Gaeilge dul i mbun comhphlé dáiríre leis an earnáil dheonach ar mhaithe le malairt múnla a aontú leo laistigh d’achar cinnte ama”.

Rinne CATT amhlaidh.

Dúirt an foras i ráiteas go raibh siad ar lorg soiléirithe ar roinnt ceisteanna rialála sula gcuirfeadh siad tús ar an phróiseas nua comhairle.

Idir an dá linn, ní féidir leis an fhoras próiseas trí bliana a thabhairt chun críche agus maoineofar na heagrais ar bhonn ad hoc go ceann tamaill eile. Neamhghluaiseacht na Gaeilge atá ann.