Lón leabhar

CROBHINGNE: DÚIRT SEOSAMH Mac Grianna tráth gur theastaigh uaidh leabhar a scríobh a bhainfeadh an cloigeann den chine daonna…

CROBHINGNE:DÚIRT SEOSAMH Mac Grianna tráth gur theastaigh uaidh leabhar a scríobh a bhainfeadh an cloigeann den chine daonna. Ní féidir a rá nach bhfuil an cloigeann bainte den chine daonna pé ar domhan é, ach ní dócha gurbh iad leabhair Sheosaimh ba chúis leis sin.

De ghnáth is é an fáth a scríobhtar leabhar ná chun cuid éigin den chloigeann sin a choimeád beo, bíodh go bhfuil cinn eile ann nach bhfuil chomh maith don bhrú fola, agus cinn eile fós ar fearr iad ná piollaí suain d’fhonn codlata a mhealladh.

Ráinig go raibh lá domhanda na leabhar á cheiliúradh ar oileáin seo Éilíse agus Éanna an tseachtain seo caite, bíodh gur chóra é a bheith ar siúl i mí an Aibreáin. B'é an 23ú den mhí sin an chéad lá a roghnaíodh i gcuimhne ar Cervantes, údar La Galateaagus leabhar éigin éigin eile a bhain le ridire agus asal agus muilte gaoithe.

Bhíothas ag smaoineamh, leis, b’fhéidir, go bhfuair Shakespeare bás ar an dáta ceannann céanna sin 23ú Aibreán 1616, bíodh is nach bhfuair sé bás ar an lá céanna le Cervantes.

READ MORE

Tomhas é sin do dhaoine ar gean leo pubqhuizeanna agus a leithéid. Ach toisc go dtagann an dáta sin salach ar laethanta saoire na Cásca go minic, shocraigh an t-oileán eile agus an t-oileáinín seo go dtabharfaí ar aghaidh é.

I mbliana smaoiníodh ar an tseift go dtabharfaí milliún leabhar mar bhronntanais saor in aisce do chairde nó do dhaoine fánacha.

Ar nós na nOscar nó liostaí na Nollag ba mhór an spraoi é féachaint cad iad na leabhair a roghnódh daoine le tabhairt uathu mar fhéiríní. Is fíor go bhfuil scata leabhar a thabharfá amach go fonnmhar toisc nach bhfuil siad uait féin.

Thugas Pride and Prejudiceuaim go héadromchroíach uair amháin do dhuine dem lucht aitheantais agus tá sé ag vótáil d'Fhianna Fáil ó shin. Ní móide, áfach, gurbh é sin a bhí i gceist sa tionscnamh.

Is é fuadar a bhí faoi ná an leabhar a bhain an cloigeann díot féin a ainmniú as na céadta nó as na mílte a léigh tú nó ar bhlais tú díobh.

D’fhéadfadh an rogha sin a bheith chomh pearsanta, chomh hanamscríobach le rogha fir nó mná, agus d’inseodh níos mó fút ná bean feasa ar bith a léifeadh grúidil an tae. Go háirithe toisc oiread sin leabhar a bheith ann, agus gan a chothrom ama a bheith agat iad a shealbhú id intinn.

Bhí mé ag Féile Leabhar Leipzig bliain. Fad thrí cinn de Pháirc an Chrócaigh ar a laghad luchtaithe le seastáin. Gach seastán díobh luchtaithe le leabhair. Dá aiteacht féin tú ní fhéadfadh leabhar éigin a bheith ann a d’oirfeadh duit.

Agus dá aiteacht arís tú, b’aite go mór is go fada cuid de na teidil: Seimeantaic an tatú, Yoga do mhadraí, Micilín Luch agus Socrates, Ealaín na trucaile, Ps. I love you, Siopadóireacht sa Sahara, Dála an Lama, Bhí mise im dhéagóir maith, Éilís agus Éanna, Ps, I love you, Dineasáir don dinnéar, Na nithe atá thuas sa chlós, Lámhleabhar na gcos, Fealsúnacht an chorcáin, An ribe gruaige é Dia?, Ps. I love you, Léim ard ar leathchois, An peann luaidhe mar ghléas cosanta, Taos fiacla na n-aingeal, Ag cniotáil le sluasaid, Gú Gú agus an Ga Ga, Ps. I love you, Scil an urlacain, Feamainn sa leaba, Pornagrafaíocht agus subh, Seimiotaic an bharra seacláide agus mar sin ar aghaidh.

Ní féidir gur thuig Gutenburg cad a bhí á mhúscailt aige nuair a ghearr sé na bloic mhiotail sin in Mainz sa bhliain 1439. Cuireadh deireadh leis an scríobhaí nach mór de dhroim oíche (seachas sa Ghaeilge agus i dteangacha gan chumhacht), leathnaigh an gátar le litearthacht, agus scoilt sé an Chríostaíocht a raibh sé ag iarraidh í a dhlúthú le chéile.

Smaoinímid ar na seoidleabhair i gcónaí, ach is í fírinne gharbh an chúrsa go raibh éileamh i bhfad níos mó riamh i measc an phobail ar dhramhaíl.

Ní hí an dramhaíl sin, áfach, a bhí á tabhairt amach saor in aisce, rud a dfhágfadh amhras ort an léifear na sárleabhair a dáileadh, seachas i measc an dreama sin a léifeadh iad pé ar bith é.

Dá n-iarrfaí orm féin, seachas inár dteanga bhinn féin, is iad na leabhair a thabharfainn uaim le croí maith mór ná rud ar bith le Eduardo Galleano (gan gaol ar bith le John Galliano!), go háirithe (faoina gcló Béarla) Open veins of Latin America, a bhfuil stair an domhain ann, agus Memory of firea bhfuil stair an duine ann.

Is é an scríbhneoir is fearr atá ag scríobh faoi láthair é, nó is é fearr liomsa, arb ionann iad. Sa chás is go mbuailfí na tairní isteach ionam scaipfinn dialanna Vaslav Nijinsky. Bhainfeadh siad sin an cloigeann de Sheosamh Mac Grianna féin.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar