Loch Lao

IS Í “Teanga agus Litríocht na Gaeilge i gCúige Uladh sa 19ú haois” an téama a bheidh ag Éigse Loch Lao i mBéal Feirste i mbliana…

IS Í “Teanga agus Litríocht na Gaeilge i gCúige Uladh sa 19ú haois” an téama a bheidh ag Éigse Loch Lao i mBéal Feirste i mbliana.

Beidh an fhéile liteartha ar siúl ar Ollscoil Uladh agus i gCumann Chluain Ard sa chathair Dé hAoine 7ú agus Dé Sathairn 8ú Bealtaine.

Ar na buaicphointí, bronnfar Gradam Mhic Ádhaimh ar Bhríd Mhic Sheáin, duine de bhunaitheoirí Ghaeltacht Bhóthar Seoighe, ceannródaí oideachais agus staraí.

Lena chois sin, beidh léachtaí le Diarmuid Ó Doibhlin, Fionntán de Brún, Ciarán Ó Duibhin, Regina Uí Chollatáin agus léachtóirí eile ar chúrsaí teanga agus litríochta.

READ MORE

Ó thaobh siamsaíochta de, beidh oíche airneáil le muintir Thoraí, agus turas ceolmhar báid ar an Lagán le Seán Mac Corraidh, Róise Nic Corraidh agus Caoimhe Ní Chathail agus filíocht le Nuala Ní Dhomhnaill.