Léann scannán

Tá MA nua i Léiriú Scannán agus i Scríbhneoireacht Scripte le tosú i Meán Fómhair ar Ollscoil na Ríona, Béal Feirste…

Tá MA nua i Léiriú Scannán agus i Scríbhneoireacht Scripte le tosú i Meán Fómhair ar Ollscoil na Ríona, Béal Feirste.

Cúrsa feidhmeach a bheidh ann agus beidh gairmithe ó na meáin Ghaeilge ag teagasc i gcuideachta fhoireann Ghaeilge na hollscoile agus lucht scannánaíochta.

Dúirt an tOllamh Greg Toner, an t-ollamh nua le Gaeilge i Roinn na Gaeilge, go bhfreastlódh an MA ar an “earnáil rathmhar” seo trí thraenáil a thabhairt i scileanna léirithe agus scríbhneoireachta le haghaidh teilifíse.

“Díreoidh sé ar chleachtas praiticiúil agus cruthaitheach sa scannánaíocht – úsáid ceamaraí agus eagarthóireacht – agus pléifear réimse teicnící a bhaineann le forbairt idéanna cláir i nGaeilge,” a dúirt sé.

READ MORE

Eolas: 048-90975366 nó celtic@qub.ac.uk