Lánpháirtíocht an phobail Mhoslamaigh i saol na Fraince ina cnámh spairne

TUARASCáIL: Mí Mheán Fómhair seo caite bhí círéibeanna i gceantair Mhoslamacha sa Fhrainc mar gheall ar an scannán …

TUARASCáIL:Mí Mheán Fómhair seo caite bhí círéibeanna i gceantair Mhoslamacha sa Fhrainc mar gheall ar an scannán ar an idirlíon L'Innocence des Musulmans agus cartúin díspeagúla faoi Mhahamad, fáidh, san iris aoire, Charlie Hebdo.

Ó shin i leith, tá ceist lánpháirtíochta na Moslamach i saol na Fraince, nó l’intégration mar a thugtar air go mór faoi chaibidil i meáin chumarsáide na tíre sin.

Meastar go bhfuil idir cúig agus deich milliún Moslamach ina gcónaí sa Fhrainc. Toisc nach gceadaítear ceisteanna faoi chine ná faoi chreideamh a chur ar fhoirmeacha daonáirimh, is deacair figiúr cruinn a thabhairt faoina líon ná faoin mhéid acu a chleachtaíonn a gcreideamh.

Níl amhras ar bith ann ná gurb é an tIoslamachas an dara reiligiún is mó sa tír. Feictear do lucht a chleachtaithe, áfach, go bhfuil na húdaráis stáit ag diúltú a aithint gur saoránaigh dhlisteanacha de chuid na Fraince iad.

READ MORE

Mar sin féin, de réir suirbhé a rinne an nuachtán Le Figaro measann 68 faoin gcéad den phobal gurbh iad na Moslamaigh féin a dhiúltaíonn a bheith lánpháirteach i saol na Fraince.

Ó thíortha thuaisceart na hAfraice, ón Ailgéir go háirithe, don chuid is mó de Mhoslamaigh na Fraince agus is ábhar imní don eite dheis é go leathnóidh an bunúsaíochas Ioslamach, atá ag fáil an lámh in uachtar sna tíortha sin, go dtí an Fhrainc.

Faoina thionchar, dar le cuid acu, a bhí an fear óg Mahomed Merah a rinne ionsaí ar Ghiúdaigh i Toulouse mí an Mhárta seo caite. Cur amú ama agus airgid, dar leo, na hiarrachtaí atá ar siúl chun Moslamaigh a spreagadh chun a bheith lánpháirteach i saol na tíre.

Tá go leor scríofa agus ráite le bliain anuas faoi na conspóidí a d’eascair as an chosc ar mhná an clóca fada a chlúdaíonn a n-aghaidh, an burqua, a chaitheamh in áiteanna poiblí. Ach is iomaí réimse eile den saol poiblí ina mbraitheann Moslamaigh a gcearta a bheith á séanadh orthu: i scoileanna, sna príosúin agus sna hospidéil.

Tá an cosc ar chailíní hijab a chaitheamh ina chnámh spairne go fóill i scoileanna áirithe agus ní mó ná sásta a bhíonn tuismitheoirí ceartchreidmheacha le cuid de na hábhair a mhúintear do na daltaí ar scoil – scríbhinní frith-Mhoslamacha Voltaire mar shampla. Is ábhar conspóide é ina lán scoileanna an bia a chuirtear ar fáil sna ceaintíní.

Tá cosc ar Mhoslamaigh muiceoil a ithe. Déantar iarracht freastal orthu trí ispíní déanta de shicín nó de thurcaí a sholáthar ach, i gceantair áirithe ina bhfuil pobal mór Moslamach, tá éileamh ann le haghaidh feoil halal, is é sin, feoil ó ainmhithe a maraíodh de réir dheasghnátha na Moslamach.

Ní lú na fadhbanna a bhíonn ag na hospidéil phoiblí agus othair ag diúltú bianna áirithe agus doicheall ar mhná torracha ligean do dhochtúirí fir iad a scrúdú. Chomh fada agus is féidir déanann na hospidéil a ndícheall freastal orthu ach níl go leor cnáimhseoirí mná ann.

Cuireann cuid de na hospidéil iachall ar lánúnacha páipéar a shíniú ag glacadh leis nach féidir a dhearbhú go mbeidh bandochtúir ar fáil sula nglactar le bean mar othar.

De réir dhlí na Fraince tá cosc ar fhostaithe stáit aon bhaint oifigiúil a bheith acu le cúrsaí creidimh.

Ach tuigeann ceannairí áirithe, nuair a bhíonn deasghnátha creidimh fite fuaite i saol laethúil an phobail, nach féidir neamhaird a dhéanamh dá gcreideamh má táthar ag iarraidh lánpháirtíocht a chur chun cinn.

Duine de na ceannairí sin is ea méara Lille a cheadaigh go mbeadh uaireanta ar leith do mhná Moslamacha sa linn snámha poiblí. Cuireadh ina leith go raibh an dlí á shárú aici ach sheas sí an fód ar mhaithe leis na mná, nach gceadófaí dóibh dul in aice leis an linn mura mbeadh na huaireanta sin ann.

I bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath chonaic mé scata fear óg ag ullmhú beárbaiciú. Sular thosaigh siad ag ithe sheas siad i líne ag cantaireacht agus ansin síos ar a nglúine leo ar mhataí paidreoireachta ar an talamh. Rith sé liom gur radharc é sin a fheicfear níos minice sa tír seo mar is é an tIoslamachas an creideamh is tapúla fás. Nach bhfuil sé thar am ag na húdaráis, thuaidh agus theas, dul chun cainte le ceannairí na Moslamach agus pleanáil a dhéanamh i gcomhair leo agus, b’fhéidir, rud nó dhó a fhoghlaim ó thaithí mhuintir na Fraince?