Laghdú 35 faoin gcéad ar líon na gclár Gaeilge ar RTÉ i 2012

TUARASCÁIL: TÁ GEARRADH siar suntasach le déanamh i 2012 ar an méid ama agus acmhainne a chuirfidh RTÉ ar fáil do chláir Ghaeilge…

TUARASCÁIL:TÁ GEARRADH siar suntasach le déanamh i 2012 ar an méid ama agus acmhainne a chuirfidh RTÉ ar fáil do chláir Ghaeilge.

Tá cinneadh tógtha ag bainistíocht RTÉ nach ndéanfaidh Rannóg na gClár Gaeilge aon chlár nua ar feadh tréimhse sé mhí i 2012. Dá bharr sin, beidh foireann na rannóige Gaeilge ag obair i rannóga eile sa stáisiún don dara leath den bhliain.

Fágann an cinneadh seo go dtiocfaidh laghdú 35 faoin gcéad ar líon na gclár Gaeilge nua a chraolfar ar RTÉ an bhliain seo chugainn.

43 clár Gaeilge nua a chraol RTÉ le linn 2011 ach ní chraolfar ach 28 clár nua Gaeilge san iomlán i 2012.

READ MORE

Thug urlabhraí thar ceann RTÉ le fios don cholún seo gur tógadh an cinneadh “chun airgead a spáráil”.

Dúirt sé nach mbeadh aon “impleachtaí ag an gcinneadh seo do sholáthar clár sa bhliain 2013”.

As an 43 clár Gaeilge nua a choimisiúnaigh RTÉ i 2011 rinneadh 29 clár go hinmheánach agus tháinig an 14 clár eile ón earnáil phríobháideach. Ní dhéanfaidh RTÉ ach 16 clár nua go hinmheánach le linn 2012.

Anuas air sin, craolfaidh an stáisiún sraith sé chlár ó chomhlacht léiriúcháin neamhspleách le cabhair ó Údarás Craolacháin na hÉireann agus táthar ag súil go gcraolfar sraith eile sé chlár le cabhair ón Chiste Craoltóireachta Gaeilge i dTuaisceart Éireann.

Thug an t-urlabhraí le fios nach mbeadh Rannóg na gClár Gaeilge as feidhm ar fad agus iad ag éirí as cláir nua a dhéanamh an bhliain seo chugainn. Bheadh léiritheoir feidhmiúcháin fós i mbun oibre: “Ní bheidh cláir á ndéanamh go hinmheánach le linn tréimhse áirithe an bhliain seo chugainn. Ní hionann sin is a rá go mbeidh an rannóg dúnta.

“Beidh an léiritheoir feidhmiúcháin i mbun oibre agus beidh sé ag cinntiú go mbeidh méid áirithe clár ar an aer le linn na tréimhse sin. Chomh maith le dualgais eile, beidh sé ag obair le léiritheoirí neamhspleácha a bheas ag soláthar clár, mar is gnách, do RTÉ.”

Tá timpeall ochtar fostaithe go lánaimseartha faoi láthair i Rannóg na gClár Gaeilge idir léiritheoirí, stiúrthóirí, láithreoirí agus tuairisceoirí. Rachaidh an fhoireann i mbun oibre i rannóga eile nuair a éireofar as cláir nua Ghaeilge a dhéanamh.

Dúirt an t-urlabhraí nach raibh “na cinntí maidir le cá mbeadh an fhoireann athlonnaithe tógtha go fóill” agus gur “gnáthrud é in RTÉ go n-aistreofaí daoine ó am go ham ó rannóg amháin go rannóg eile”.

Faoin reachtaíocht craoltóireachta tá dualgas ar RTÉ “aird ar leith a thabhairt ar an nGaeilge” agus “réimse cuimsitheach” clár Gaeilge a dhéanamh.

Tá dualgas reachtúil ar RTÉ soláthar clár Gaeilge 365 uair an chloig a dhéanamh do TG4 gach bliain ach níl aon cheangal reachtaíochta ar an gcraoltóir náisiúnta maidir le líon na gclár a chraoltar as Gaeilge ar RTÉ féin.

Tá laghdú leanúnach tagtha ar líon na gclár Gaeilge a chraoltar ar RTÉ ó na 1990í luatha agus go háirithe ó bunaíodh TG4 i 1996.

Bhí na blianta díreach roimh bhunú TG4 ar cheann de na tréimhsí ba bhisiúla ag an gcraoltóireacht Ghaeilge ar RTÉ agus cláir mhór-ráchairte cosúil le Cúrsaía craoladh cúig lá in aghaidh na seachtaine.

Bíonn lucht féachana ard i gcónaí ag na cláir Ghaeilge ar RTÉ a théann amach tráthnóna Dé Luain in ainneoin go mbíonn sraitheanna ar nós Scannalin iomaíocht leis an sobaldráma Coronation Streeta chraoltar ag an am céanna ar TV3 agus UTV.

Idir an dá linn, tuigtear don cholún seo go bhfuil an comhairleoir cumarsáide Cillian Fennell ceaptha ag RTÉ le dul i mbun athbhreithnithe ar sholáthar Gaeilge an stáisiúin trí chéile agus ar an gcaiteachas a dhéantar ar an soláthar sin. Díreoidh an t-athbhreithniú ar na féidearthachtaí maidir le cónascadh a dhéanamh idir NuachtTG4 agus seirbhís nuachta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Sa chás go rachfaí ar aghaidh leis an bplean seo, bheadh ceisteanna achrannacha le réiteach faoi cé aige a mbeadh ceannas eagarthóireachta ar an tseirbhís chónascaithe.

Bheadh ceist chomh maith ann faoi thuarastal iriseoirí na seirbhíse ó tharla go bhfuil iriseoirí NuachtTG4 ar scála pá níos airde ná iriseoirí RTÉ RnaG faoi láthair.