Lacht na muisriun

An  Peann Coitianta: Sara raibh sé d'uain agam a cheist a fhreagairt, bhí bean an tí tagtha go dtí an bord leis na plátaí bia…

An  Peann Coitianta: Sara raibh sé d'uain agam a cheist a fhreagairt, bhí bean an tí tagtha go dtí an bord leis na plátaí bia agus mias muisriún leagtha aici ina lár.

Tá Jean Champion ag an mbord sa chafé ag scamhadh muisriún agus á nglanadh. Croitheann sé an chré díobh, tumann i mbáisín uisce iad, gearrann an gas agus cuireann i leataobh iad. Tá paca mór aige lán díobh tugtha leis aige ón gcnoc.

- Dhéanfainn turas dhá chéad ciliméadar ag an deireadh seachtaine chun dul ag triall orthu. Gan aon nath a dhéanamh den timpeall. Céad ann agus céad as. Suas go dtí na sléibhte ísle, áit a bhfuil na seanchoillte darach. Ach fios a bheith agat cén áit a gheobhaidh tú iad, tiocfaidh tú orthu ach dul ag tóch sa chré. Fé bhun na gcrann darach, i measc na bpréamhacha. Tá siad milis a dhuine. Sanguins a thugaimidne orthu, ón bhfocal fuil. Bíonn dath na fola ar an lacht a thagann astu nuair a bhaineann tú an gas díobh le scian. Féach, mar seo....fé mar a bheidís ag cur fola. Lactaires délicieux a thugann na leabhair orthu mar gheall ar an lacht. Tosnaíonn na muisriúin ag úscadh lacht ar dhath na fola leis an bhfaobhar.

- An dtabharfá leat mé turas acu?

READ MORE

- Thabharfainn agus fáilte. An fada a bheidh agat timpeall?

- Tá breis is seachtain eile agam.

- Tabharfaimid fé mar sin an deireadh seachtaine seo chugainn.

Leanann Jean Champion dá chúram glantacháin muisriún, gan aon aird ar na custaiméirí a bhailíonn isteach. A bhean chéile i mbun an tí, máthair a chéile ag coimeád súil an tseabhaic ar na himeachtaí.

Tá cúigear againn anois ag an mbord, caite aníos ag an taoide ar chladach na Meán-Mhara. Beirt bhan mheánaosta agus beirt fhear eile chomh maith liom féin. Nua-Shéalainneach croíúil bean díobh agus Sasanach an bhean eile. Cónaí ar an Sasanach ar feadh a saoil i Milan, agus í anois lonnaithe i Nice.

-Cathair Iodáileach í le ceart agus craiceann na Fraince anuas uirthi. Ach is fuil Iodáileach atá ina croí. Bíonn an t-aer bog os do chionn sa chathair. An-áit é chun dul in aois. Bhíos i Milan ar feadh triocha bliain, agus tá sé in am agam a bheith ag cuimhneamh ar mo sheanaois. An fear a rabhas im chónaí leis a thug go Milan mé. Sin é mar a bhí an saol agam, im bhean choimeádta.

- Bhíos fhéin mar mháistreás lánaimseartha ag Francach, a deir bean na Nua-Shéalainne. Fuair sé bás cúpla mí ó shin agus táim ag bogadh ar ais abhaile, pé áit é baile. Ach leis an Idirlíon is féidir na socruithe ar fad a dhéanamh, fiú féachaint ar na pleananna don árasán atá beartaithe agam a cheannach. Tá an radharc ón árasán ar an 18ú hurlár le feiscint ar an Idirlíon agus gan é tógtha fós. Panorama de Christchurch. Táim anseo le breis is cúig bliana fichead.

- Agus conas a bhraitheann tú faoi dhul abhaile? a fhiafraíonn an Sasanach.

- Scanraithe.

- Ní fhéadfainn féin aghaidh a thabhairt ar an mbaile arís. Anseo anois atá mo bhaile.

Sasanach duine de na fir agus Dúitseach an fear eile. Bádóirí agus seoltóirí. Tá an tAtlantach trasnaithe ag an Dúitseach ina aonar i mbád beag seoil.

- An doircheacht is measa ar an Atlantach, ar sé, gan farraigí arda a bhac. Oícheanta nuair a bhailíodh an doircheacht isteach gan solas in aon bhall, bhraithinn go rabhas i m'aonar ar fad. Fáiscthe idir dhá eagla. Eagla orm dul a chodlach agus eagla orm gan dul a chodladh. Thugainn oícheanta mar sin, ceangailte, go dtí go rabhas chomh traochta sin gur thosnaíos ag paidreoireacht oíche. Seanphaidreacha a tháinig aníos as cúl m'aigne in áit éigin ó bhíos im leanbh...an tÁr nAthair i nDúitsis. Thugainn laethanta iomlána á rá, díreach mar sin ag dul i mbun mo chúraimí lae ar an mbád. Bhraitheas gurbh í an phaidir a bhí am rá-sa ar deireadh, sa tslí is nár bhraitheas an doircheacht ag teannadh isteach orm níos mó. Ní rabhas i m'aonar.

- Smugláil a bhí ar bun agamsa idir cósta thuaidh na hAfraice agus Gibraltar, arsa an Sasanach. Tobac is mó ach drugaí leis. Báid rubair againn agus cumhacht mhillteach san inneall. Oícheanta ar an siúnda, bhíodh oiread soilse agus báid agus héalacaptair sa tóir orthu...bhí sé ar nós cúrsa ráis i lár na cathrach. Na Winston Boys a thugaidís orainn, mar gheall ar an mbranda tobac a bhí á smugláil. Fir ghnó ina bhun, Spáinnigh agus Gibraltaraigh. Bheiridís ar chuid eígin againn i gcónaí ach thugadh dóthain againn na cosa linn gach uair chun gurbh fhiú dul sa tseans. Níor beireadh riamh ormsa ach d'éiríos as. Saghas straeire Meán-Mharach anois mé, mo bhád féin agam agus í á ligean amach le haghaidh turasanna pléisiúir. Cad fút fhéin?

- Bon appétit.

Bhí na sanguins déanta aici dúinn, a gcosa san aer agus a gcinn burláilte ag gobadh aníos as an mias, míchúmtha agus cúmtha ina lacht féin.

- Trócaire, an ghuí is mó atá ag fuil mo chroí féin, a dúrt leis á fhreagairt ar deireadh.