Is aoibhinn beatha an scolaire fos

Beocheist: Mar gheall gur rugadh is tógadh i mBaile Átha Cliath mé tá sé follasach agus tuisceanach go bhfuilim i mo chónaí …

Beocheist: Mar gheall gur rugadh is tógadh i mBaile Átha Cliath mé tá sé follasach agus tuisceanach go bhfuilim i mo chónaí sa mbaile le mo mhuintir agus mé ag déanamh freastail ar an gcoláiste - Coláiste na hOllscoile, BÁC.

Cosúil le gach uile ghné den saol tá buntáistí agus míbhuntáistí ag baint leis. De réir figiúirí a chuir An Oifig Idirnáisiúnta amach teastaíonn suas le míle euro ar an meán ó mhac léinn chun maireachtáil gach mí.

Cuirim san áireamh: lóistín 400 euro; bia 160 euro; leictreachas 15 euro; teas 15 euro; taisteal 60 euro; leabhair agus trealamh staidéir 75 euro agus costaisí eile ar nós siamsa nó éadaí, mar shampla, 240 euro.

Tá a fhios ag an saol Fódlach nach cathair shaor í Baile Átha Cliath, ach níl na cathracha eile in Éirinn cosúil le Gaillimh nó Corcaigh i bhfad taobh thiar de sin. Ní hionann cás gach duine ná acmhainn gach duine.

READ MORE

Tá an-bhuntáiste ag an té a bhfuil a theach agus a mhuintir i mBaile Átha Cliath thar an té a thagann chun na cathrach agus a d'íocfadh cíos ar an mbraon anuas. Maidir le mo chás féin, ní raibh orm post páirtaimseartha a fháil i mbliana mar i mBaile Átha Cliath atá cónaí orm.

Ní raibh orm aon chíos costasach a íoc le aon fhear nó bean tí, ní raibh aon bhillí le n-íoc agam agus bhí mo dhinnéar réitithe dom gach uile lá beo is mé ag filleadh abhaile ón gcoláiste.

Taitníonn sé liom chomh maith go bhfuil mo sheomra féin agam - táim san aois sin ina dteastaíonn spás agus príobháideachas uaim ach go deimhin níl gach uile dhuine chomh hádhúil liom.

Is cuimhin liom go maith an chéad lá a ndearna mé freastal ar an gcoláiste. Is é an bharúil a bhí agam de ná áit fíor-mhór, liath agus fuar a bhí ann.

Cheapfadh duine ar bith nach dtógfadh sé i bhfad orm socrú síos mar gheall go raibh an choláiste suite i mo chathair dhúchais ach ní mar a shíltear a bhítear. Is coláiste ollmhór í UCD, tá sí chomh mór le baile mór.

Tá gach uile áis a bhféadfá cuimhneamh air acu: pubanna; bialanna; iliomad siopaí agus gíomnáisiam ollmhór.

Ar an gcéad lá chuaigh mé amú agus ní raibh mé ábalta mo chairde a fháil, gan bacadh le céard iad na hábhair a phiocfainn. I dtús mhí Mhéan Fómhair bhí cách (na buachaillí san áireamh!) gleásta go breá le bheith teann ag aonach mór an léinn.

In an-chuid cásanna, ba í seo an chéad uair riamh a raibh na daoine óga seo ag fáil oideachais agus iad i gcomhluadar an ghnéis eile.

Tar éis míosa, bhí sé beartaithe agam staidéar a dhéanamh ar an Stair, Tíreolas agus, gan dabht, ar an nGaeilge. Tá deacrachtaí agam tuiscint a fháil ar cé chomh tapa is a d'imigh an bhliain tharam.

Sula raibh deis agam m'anáil a tharraingt bhí na scrúduithe i mo mhullach. Tháinig siad ar luas lasrach gan cuireadh gan iarraidh.

Mhair mo chuidse coicís agus bhí orm ocht gcinn de scrúduithe a dhéanamh. Más buan mo chuimhne, bhí na léachtóirí ag fógairt orainn ó mhí Eanáir staidéar a dhéanamh, ach ba chuma cé chomh luath is a thosaigh na múinteoirí ag fógairt orainn níor thosaigh formhór de na daltaí ag staidéar go dtí ceithre seachtaine roimh ré .

Bhí leabharlanna an choláiste lán go farra bacaill mí roimh na scrúduithe agus mura dtiocfá isteach roimh leath uair tar éis a naoi ar maidin, bhí sé dodhéanta suíochán nó bord a fháil.

Níl saol na mac léinn chomh hainglí agus dea-iompraithe sin. Tuairiscíodh i 2000 go gcaitheann scoláirí Éireannacha suas le 70 faoin gcéad dá ndeontaisí ar dheoch, dhrugaí agus thoitíní, de réir iniúchadh a rinne nuachtán UCD, College Tribune.

Tá sé ráite acu go gcaitheann mic léinn suas le 23 millún euro gach uile bhliain ar alcól agus dhrugaí mídhleathacha. Meastar go gcaitheann duine i ngach triúr de na scoláirí toitíní go rialta.

Baineann 17 faoin gcéad de na scoláirí mí-úsáid as haisis agus meastar go gcaitheann siad milliún euro gach uile bhliain ar an tsubstaint mhídhleathach.

I mo thuairimse, lig dóibh - tá siad óg agus ní bheidh an deis chéanna acu riamh arís. Tá sé tuillte ag gach aon duine aoibhneas a bhaint as an saol.

Tá dhá bhliain fós fágtha agam ar choláiste agus tá sé i gceist agam a mhór a dhéanamh de.