Iontas Phadraig

Tá geamaireacht, Pádraig i dTír na nIontas, ar siúl faoi láthair in Amharclann Thamhlacht, Baile Átha Cliath

Tá geamaireacht, Pádraig i dTír na nIontas, ar siúl faoi láthair in Amharclann Thamhlacht, Baile Átha Cliath. Cián Ó Murchú ó Ros na Rún atá i bpáirt Phádraig agus tugtar é, dálta Alice, go Tír na nIontas.

Beidh dhá léiriú ar siúl ón Chéadaoin go dtí an Aoine ag 10 a.m. agus meán lae. Beidh na léirithe deiridh ann Dé Sathairn ag meán lae agus 2 p.m. Ina dhiaidh sin, rachaidh an dráma ar camchuairt go Gort a' Choirce, Co Dhún na nGall, agus go Gaillimh.

Aisling Ghéar a léiríonn agus deir siad go bhfuil an dráma fóirsteanach do pháistí agus do dhaoine fásta.

Eolas: 048-90208040