Impunite zero

Beocheist: It is a two-horse race in the French presidential elections at the moment, writes Máiréad Ní Chinnéide

Beocheist: It is a two-horse race in the French presidential elections at the moment, writes Máiréad Ní Chinnéide

Tá feachtas uachtaránachta na Fraince faoi lán seoil anois ó d'fhógair an Príomh-Aire, Lionel Jospin, go hoifigiúil go mbeadh sé san iomaíocht. Meastar anois go mbeidh sé ina rás idir é agus an tUachtarán Jacques Chirac atá ag iarraidh an dara téarma a bhaint amach. Beidh an chéad bhabhta vótála ar 21ú Aibreán.

Ní hé nach bhfuil iarrthóirí eile ann. Faoi chóras daonlathach na Fraince is féidir le duine ar bith bheith ina iarrthóir don uachtaránacht a fhad agus atá tacaíocht aige nó aici ó 600 ionadaí tofa pobail.

Is gnách go ngearrtar siar go beirt iad tar éis an chéad bhabhta vótála cé, go teoiriciúil, go bhfuil cead ag triúr bheith sa rás ansin. Agus táthar ann a deir go bhfuil seans maith ag an iar-aire sóisialach, Jean Pierre Chevenement, bheith san iomaíocht don dara babhta vótála ar 5ú Bealtaine.

READ MORE

Faoi láthair, ámh, tá aird mhuintir na Fraince dírithe ar an rás idir an Príomh-Aire sóisialach Jospin agus Chirac a bhunaigh an páirtí den eite dheis, an RPR. Toghadh Chirac ina uachtarán in 1995 agus rialtas den eite dheis i gcumhacht. Tar éis thitim an rialtais sin in 1997, b'éigean dó comhréiteach a dhéanamh le Jospin. Ba léir do mhuintir na Fraince gur chomhréiteach é nár thaitin le ceachtar de na ceannairí.

Fear mór groí é Chirac a réitíonn go maith le lucht feirmeoireachta na Fraince mar ba léir ón fháilte a cuireadh roimhe nuair a thug sé cuairt ar an aonach mór feirmeoireachta i bPáras le déanaí.

Intleachtóir é Jospin a bhfuil tacaíocht lucht acadúla aige. An tseachtain seo caite, bhí sé níos mó ar a shuaimhneas ag an chomóradh a rinneadh ar an scríbhneoir Victor Hugo, a rugadh 200 bliain ó shin, ná i measc na bhfeirmeoirí.

Protastúnach é agus, murab ionann agus Chirac, ní bhíonn sé ar a chompord ag fáisceadh lámha agus ag pógadh leanaí agus seanbhan.

Ach taitníonn leis an choimhlint a bhaineann le feachtas toghchánaíochta - nó sin a dúirt sé in agallamh teilifíse le déanaí.

Tá ráite ag Chirac go bhfuil sé chun an cath a chur ar ógchiontóirí agus polasaí impunité zero a chur i bhfeidhm. Léiríonn na pobalbhreitheanna gurb é teip lucht na n-údarás srian a chur le coireanna foréigin an t-údar buartha is mó atá ag muintir na Fraince faoi láthair.

Ach tá baol ann go bhfuil a chionta féin agus cionta a pháirtí san am atá thart chun bheith mar scamall os cionn Chirac le linn a fheachtais.

Tá a ainm ceangailte le líomhaintí faoi bhronntanais airgid agus faoi chásanna eile caimiléireachta a tharla le linn dó bheith ina mhéara i bPáras idir 1977 agus 1995.

Rinneadh iarracht anuraidh tabhairt air teacht os comhair na cúirte chun ceisteanna a fhreagairt faoi na cásanna sin ach dhiúltaigh sé. Rialaigh an chúirt go raibh an t-uachtarán os cionn an dlí agus nach bhféadfaí iachall a chur air teacht os a comhair.

Is cinnte go gcasfaí sin leis le linn an fheachtas toghchánaíochta - bíodh is go bhfuil ráite ag Jospin nach bhfuil sé féin chun leas a bhaint as na cásanna seo chun Chirac a ionsaí, go bhfágfadh sé faoi na cúirteanna é.

Dar ndóigh, níl scláta na sóisialach glan amach agus amach maidir le caimiléireacht san am atá thart agus ní móide go dteastaíonn ó Jospin aird a tharraingt air sin.

GO dtí seo, is é an cáineadh indíreach a rinne Jospin faoi pholasaí eachtrach George Bush is mó a tharraing aird na meán cumarsáide ó chuir sé tús lena fheachtas.

Cé go bhfuil an Fhrainc ag tacú le hiarrachtaí na Stát Aontaithe chun an sceimhlitheoireacht a chur faoi chois, ní hí an sceimhlitheoireacht amháin is cúis le fadhbanna uile an domhain, a dúirt sé.

Sa bhaile, is é Jospin a bhrúigh chun cinn an dlí chun féinriail teoranta a thabhairt d'oileán na Corsaice. Mar gheall air sin, d'éirigh Jean Pierre Chevenement as a phost mar aire rialtais.

D'fhéadfadh seasamh Chevenement ar an cheist sin cuid mhór vótaí a ghnóthú dó ón eite dheis, go mórmhór uathu siúd atá in éadan pholasaí Chirac chun dílárú a dhéanamh laistigh den Aontas Eorpach.

Thiocfadh leis bheith ina rás go fóill idir Jospin agus a iar-aire sa dara babhta nó fiú an tríú ceann bheith ann.