Gonc iriseoireachta

TUGADH GONC d’ábhar iriseoirí na Gaeilge a bhí cláraithe do dhá chomórtas iriseoireachta sna gradaim náisiúnta do lucht tríú …

TUGADH GONC d’ábhar iriseoirí na Gaeilge a bhí cláraithe do dhá chomórtas iriseoireachta sna gradaim náisiúnta do lucht tríú leibhéal, na ‘smedias’, an tseachtain seo caite.

Chuir lucht eagraithe na nduaiseanna, oxygen.ie, deireadh le dhá chatagóir: iriseoireacht i nGaeilge (scríofa) agus iriseoireacht i nGaeilge (raidió) gan choinne.

Thug oxygen.ie le fios ar a suíomh Idirlín agus i ríomhphost chuig iarrthóirí comórtais go raibh orthu an dá chatagóir a tharraingt siar de bharr “Foras na Gaeilge pulling their sponsorship”. (Tá rannóg ar chúrsaí teilifíse ar an chlár go fóill.)

Dúirt Colman Byrne ó oxygen.ie leis an cholún seo inné go ndearna an Foras urraíocht ar na rannóga anuraidh agus ba é an gnáthchur chuige go leanfaí den urraíocht go ceann trí bliana.

READ MORE

Bhí siad ag plé leis an Fhoras ó bhí Feabhra na bliana seo ann ach chuir an Foras in iúl dóibh an tseachtain seo caite nach raibh fonn orthu leanstan den urraíocht i mbliana. Ba thrua leis nach bhféadfaí na rannóga a choinneáil ach bhraith siad ar an urraíocht leis na gradaim a reáchtáil agus ba é a dhóchas go mbeadh na rannóga ann arís.

Dúirt urlabhraí thar ceann an Fhorais inné “cé go raibh plé ar siúl ag an bhForas le oxygen.ie ... ní raibh aon socrú urraíochta déanta againn leo.

“Tá curtha in iúl ag na ranna rialtas go mbeidh naoi faoin gcéad, nó nach mór €2m, á ghearradh amach as buiséad an Fhorais don bhliain seo. I bhfianaise an ghearrtha shuntasaigh seo níl de rogha ag Foras na Gaeilge ach gearradh siar a dhéanamh ar chlár oibre”.

Mar sin féin, bhí mic léinn i ndiaidh réamhchlárú don dá rannóg agus ba é an Luan – arú inné – an spriocdháta acu don chomórtas a bheas ar siúl 6ú Aibreán i mBaile Átha Cliath.

Dúirt mac léinn ar Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath leis an cholún seo arú inné, Úna-Minh Caomhánach, go raibh “fearg agus buaireamh” uirthi mar gheall ar an chinneadh.

Níor luaithe a saothar curtha faoi bhráid na ngradam go bhfuair sí an drochscéala go raibh deireadh leis an dá chatagóir ar spéis léi.

Bhí an comórtas an-tábhachtach ag mic léinn iriseoireachta, a dúirt sí, agus bhí obair mhór déanta aici ar a tionscnamh.

Níor mheas sí go mbeadh deis aici cur isteach ar an chomórtas ar an bhliain seo chugainn de bharr go mbeadh sí ag díriú ar scrúduithe.

Bhí aithne aici ar mhic léinn eile a chuir isteach ar an chomórtas agus bhí siad gonta go raibh deireadh leis na rannóga céanna.