Gleann Crí - lóchrann dóchais ar domhan

BEOCHEIST: AR AN 26ú Aibreán thuirling buíon ó Afganastáin, parlaiminteoirí ina measc, sa tír seo chun staidéar a dhéanamh ar…

BEOCHEIST:AR AN 26ú Aibreán thuirling buíon ó Afganastáin, parlaiminteoirí ina measc, sa tír seo chun staidéar a dhéanamh ar chur chun cinn na síochána agus ar conas sochaí chathartha a bhunú ina dtír féin. Bhí siad mar aíonna ag Ionad Athmhuintearais Ghleann Crí (IAGC).

Tá lárionad an-bhreá ag an IAGC (www.glencree.ie) i sléibhte Chill Mhantáin. Foirgneamh trí urlár ar thaobh amháin, foirgneamh a bhí ina bheairic ag fórsaí na Breataine chun smacht a choimeád ar thaoisigh na nGael.

Ó 1850 bhí an foirgneamh á úsáid mar scoil cheartúcháin. Sagairt, na hOblátaigh, i gceannas, suas le 300 buachaill ina gcónaí ann. Drochbhia, drochshláinte, dianréimeas.

Dúnadh an scoil i 1940 agus tógadh scoil cheartúcháin nua i nDaingean Uíbh Fhailí. Bhí an droch-chlú chéanna ag baint leis an áit seo.

READ MORE

Le cabhair airgid ón Rialtas chuir an IAGC crut is maise ar an bhfoirgneamh agus i 1974 bunaíodh an IAGC go foirmeálta. Tuigeadh ag an am suaite sin go raibh bealaí eile ann seachas an foréigean chun dul i ngleic le fadhbanna thuaisceart na hÉireann. Inniu tá bloc breá nua-aimseartha curtha leis an ionad, seomraí cruinnithe is caife.

Tá IAGC ag obair san Afganastáin le heagraíochtaí neamhrialtasacha mar an Afghan Womens Civic Development Centre. Bíonn plé ar cheisteanna inscne agus ar mhórcheist phráinneach eile, is é sin, an gaol idir fir is mná.

Deir Ian White ó IAGC: “Caithfear cuimhneamh go bhfuil daoine eile san Afganastáin seachas saighdiúirí is an Taliban.” Déantar iarracht gaol dearfach a chothú idir grúpaí eitneacha éagsúla. Tá dosaen grúpa ann agus tá sé chomh deacair orthu san maireachtáil le chéile is atá sé ar Phrotastúnaigh is Chaitlicigh.

Mar chuid bhunúsach dá gcuid oibre tá IAGC tar éis cúrsaí síochána a bhunú i sé ollscoil, ollscoil Kandahar ina measc. Tá stair fhada troda is aighnis ag an Afganastáin agus in Éirinn – anuraidh nuair a bhuail toscaireacht ón Afganastáin le baill de chomhthionól an Tuaiscirt, chuaigh sé i bhfeidhm go mór orthu an meas a thaispeáin baill an DUP agus SF dá chéile.

Bhuail na daoine a tháinig chugainn le hoifigigh ón aonad réiteach aighnis sa Roinn Gnóthaí Eachtracha. Chaith siad cúpla lá ó thuaidh is bhuail siad le FAIR, grúpa a d’fhulaing ag lámha an IRA, agus le Mark Thompson ó Relatives for Justice, íospartaigh a d’fhulaing ag lámha na bhfórsaí slándála. Bhí siad le bualadh le réimse leathan daoine agus le cuairt a thabhairt ar scoileanna atá ag déanamh staidéir ar fhorbairt na síochána.

Ní leor próiseas na síochána gan reifirméisean sna hinstitiúidí – bhí cíoradh le déanamh ar gcruacheist sin le baill an PSNI agus cruinniú le hiar-pharaimíleataigh, dílseoirí is poblachtaigh, daoine a chruthaigh gur féidir na gunnaí a chaitheamh uathu agus atá anois ag obair go dearfach ar son na síochána.

Chuir Ian White síos ar obair an IAGC in áiteanna mar Haiti, “an-áit do na dronganna. Dheineamar ár gcion féin ann le leibhéal an fhoréigin a ísliú 80 faoin gcéad i dhá shluma.

“Sa Mheán-Oirthear táimid ag obair le dreamanna áitiúla le tacaíocht a thabhairt do thuismitheoirí Iosraelacha is Palaistíneacha a chaill a bpáistí sa troid. Táimid ag cur tús le hobair i nDeilt an Niger agus i nGaza tá fadhbanna ar leith ann a chuireann cosc orainn cinnireacht a fhorbairt a nglacfadh gach dream léi.”

Cuireann White an-bhéim ar an umhlaíocht: “Níl gormchló againn ná níl monaplacht againn ar an eagna. Déanfaimid ár gcion féin ach is í an umhlaíocht le linn oibre an rud is tábhachtaí amuigh.”

Tá cion agamsa ar an Ionad Athmhuintearais le fada. Is ann a chualas an sagart Meiriceánach, Daniel Berrigan, C.Í., ag caint ar chogadh Vítneam. Is ann a chaitheas saoire le daoine ón Simon Community, seachtain iontach.

Is ann a chónaigh mo sheanchara ó Chorcaigh, Breandán Ó Crualaoich, a bhí ina oibrí deonach san ionad le breis is scór bliain. Grá thar cuimse ag gach éinne dó. Deir plaic chuimhneacháin sa ghairdín: “Do thaistil fear iontach an tslí seo … Táimid buíoch gur roghnaigh tú an áit seo chun staid …”

Ag geata an IAGC tá séipéal is reilig bheag. Seisear sagart curtha ann, daoine a bhí ag obair sa scoil cheartúcháin. Cros ghreanta ag ceann gach uaighe. Ceathrar buachaillí ón scoil cheartúcháin ina luí in aice leo. Cros iarainn gan ainm ag ceann gach uaighe.