Gearradh siar TG4

TÁ GEARRADH siar idir 5 faoin gcéad agus 25 faoin gcéad le déanamh ar réimsí caiteachais TG4, a d’fhógair príomhfheidhmeannach…

TÁ GEARRADH siar idir 5 faoin gcéad agus 25 faoin gcéad le déanamh ar réimsí caiteachais TG4, a d’fhógair príomhfheidhmeannach an stáisiúin, Pól Ó Gallchóir.

Chuir sé dréachtbhuiséad faoi bhráid chomhaltaí boird an tseachtain seo caite anois ó ghearr an Rialtas deontas reatha bliantúil TG4 do 2009 ó €38.01m go €35.23m. Glacfaidh comhaltaí boird le laghdú 10 faoin gcéad ar a dtáillí féin.

Dúirt Ó Gallchóir go leanfadh TG4 ar aghaidh ag tabhairt “scothsheirbhís” agus go bhféachfadh sé leis an ualach a roinnt go cothrom idir na réimsí oibríochtaí ar fad.