Foras faoi ionsai ag na heagrais aris eile

Tá an caidreamh idir Foras na Gaeilge agus na heagrais Ghaeilge ag dul in olcas

Tá an caidreamh idir Foras na Gaeilge agus na heagrais Ghaeilge ag dul in olcas. Tá cuid de na heagrais dheonacha ag diúltú litreacha tairisceana ón Fhoras a shíniú. Is ionann na litreacha agus conradh idir an Foras mar mhaoinitheoir agus an t-eagras mar chonraitheoir.

Ní féidir leis na heagrais maoiniú a fháil gan iad a shíniú.

Dúirt Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge, Liam Ó Maolaodha, go raibh a eagras ar cheann acu sin nach raibh sásta litir tairisceana a shíniú mar agóid in éadan "mhíphroifisiúntacht an Fhorais".

De bharr nach raibh an litir sínithe, a dúirt sé, ní bheadh sé féin nó an bheirt bhall foirne eile ag fáil tuarastail an mhí seo. Fuair siad scéala faoi dheontas roimh an Nollaig agus 23 coinníoll nua leis. Bhí "cuid de na pointí áiféiseach go maith". Bhunaigh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus an Foras grúpa oibre lena chás agus cás eagras eile a phlé.

READ MORE

Rinneadh leasú ar chuid de na coinníollacha nua ach bhí cuid acu fós ann, a dúirt sé. Ba é an chnámh spairne ba mhó a bhí aige nach mbeadh cead ag an Oireachtas a mbuiséad féin a riar.

Bhí cruinniú ag 22 balleagras de chuid Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge oíche Chéadaoin seo caite. Tuigtear don cholún seo gur mhol an Chomhdháil do na heagrais gan glacadh leis na litreacha tairisceana ón Fhoras ach litir leasaithe a chur ar ais chucu.

Tugann an litir leasaithe le fios go mbeidh an t-eagras "sásta feidhmiú de réir na dtéarmaí agus na gcoinníollacha atá aontaithe" ach nach féidir lenár "n-eagras glacadh leis an mbriseadh síos ar ár ndeontas faoi mar atá déanta..."

Ní raibh gach eagras deonach sásta sin a dhéanamh, áfach. Dúirt duine in eagras amháin gur "droch-chumarsáid" a ba chúis leis an iaróg an chéad lá riamh agus go raibh "cluiche amaidí ar siúl. Níl aon údar leis an gclampar ar fad." Ní raibh an Foras gan locht ach níor thuill an t-eagras an leibhéal seo cáinte.

Chreid sé "mar dhuine réasúnta" go raibh an scéal "séidte as cuimse. Tuigim don bhForas. Bhí sé ciotach an dóigh ar thug siad faoi mhaoiniú. Bhí an chuma ar an scéal go raibh siad ag iarraidh bacanna a chur ar eagrais ach ní raibh."

Bhí cruinnithe ag a eagras féin leis an Fhoras agus bhí sé sásta leis na coinníollacha a socraíodh: "Má tá daoine macánta ag iarraidh obair leat, ba cheart seans a thabhairt dóibh."

Dúirt duine eile a bhí i láthair an chruinnithe oíche Chéadaoin gur ócáid "teasaí feargach" a bhí ann. Bhí go leor grúpaí den bharúil dá leanfadh siad ar aghaidh ar an dóigh chéanna go mbeadh "an bua" ag an Fhoras; ní raibh siad sásta "glacadh le tuilleadh seafóide" uathu.

Rinne eagras amháin gearán gur iarr an Foras cuntais orthu 13 uair le linn bliana amháin agus rinne eagras eile gearán nach dtabharfadh an Foras cead dóibh an téarma "príomhfheidhmeannach" a úsáid agus iad ar lorg ceannasaí nua.

Dhiúltaigh urlabhraí thar ceann na Comhdhála labhairt faoinar dúradh nó faoi na moltaí a rinneadh le linn an chruinnithe de bharr é bheith príobháideach. Dhírigh sí aird an cholúin seo ar phreasráiteas inar dúradh "an-mhíshástacht faoi chur chuige míshásúil agus míphroifisiúnta" an Fhorais bheith ar na heagrais. Lorgódh an Chomhdháil cruinniú leis an Aire Éamon Ó Cuív mar ábhar práinne, a dúirt sí.

Dúirt urlabhraí thar ceann Éamoin Uí Chuív go mbeadh cruinniú ag "leibhéal ard" idir oifigigh a Roinne agus an Chomhdháil. Bhí Ó Cuív buartha faoin staid ina raibh cúrsaí faoi láthair. Ba é an rud ab fhearr leis féin go mbuailfeadh lucht an Fhorais agus na n-eagras le chéile agus teacht ar réiteach.

Dúirt urlabhraí Forais tráthnóna Dé Máirt gurbh oth leo go raibh "míthuiscintí ann fós i measc cuid de na heagrais Ghaeilge maidir leis an chur chuige ó thaobh maoiniú na n-eagras. Tá dualgas reachtúil ar an bhForas dea-chleachtas corporáideach a chur i gcrích trína chuid gníomhachtaí uile - an €15 milliún in aghaidh na bliana a dháiltear ar na heagrais Ghaeilge, ar na heagrais oideachasúla agus ar ghníomhaíochtaí eile Gaeilge ar fud an oileáin san áireamh.

"Is ar an mbonn sin amháin atá an Foras ag baint úsáid as cur chuige caiteachais na seirbhíse poiblí a lorgaíonn leibhéal réasúnta freagrachta. Tá an Foras suite de gur trí chomhchomhairle is fearr déileáil le haon deacrachtaí leanúnacha maidir leis an gcur chuige maoinithe a shamhlaítear bheith ann do roinnt de na heagrais.

"Is trí chomhchomhairle ar éirigh le 10 gcinn de na heagrais Ghaeilge go dtí seo teacht ar chomhaontú nua leis an bhForas don bhliain 2005.

"Tá sé de rún ag Foras na Gaeilge leanúint leis an gcomhchomhairle sin leis na heagrais eile ar mhaithe le dul i ngleic lena gcuid ceisteanna maidir leis an gcur chuige maoinithe seo. Tá an Foras ag déanamh teagmhála leis na heagrais úd ar mhaithe le leanacht leis an gcomhchomhairle seo."