Fios focal

Tá dlúthdhiosca nua, Boghaisín na bhFocal (€45), anois ar fáil ó Fios Feasa, comhlacht ilmheáin oideachais

Tá dlúthdhiosca nua, Boghaisín na bhFocal (€45), anois ar fáil ó Fios Feasa, comhlacht ilmheáin oideachais. Dhá dhlúthdhiosca atá sa phacáiste seo - ceann do dhaltaí agus ceann do mhúinteoirí - agus iad dírithe ar leanaí atá ag tosú a fhoghlaim léitheoireachta.

Tá naoi gcinn de chluichí le sé leibhéal éagsúla ar dhiosca na ndaltaí: cártaí; cros agus náid agus siopadóireacht, mar shampla. Ar dhiosca na múinteoirí, tá seacht gcluiche ar féidir leo priontáil, mar shampla, biongó, táiplis, cuardach focal, nathracha agus dréimirí.

Is féidir le páiste na cluichí a imirt ina n-aonar nó i ngrúpaí agus cuireann siad eolas ar fhocail agus ar fhrásaí atá ullmhaithe de réir théarmaí an churaclaim. Is féidir leis na daltaí rogha a dhéanamh dá gcanúint féin agus cainteoirí dúchais atá le cluinstin ar na dioscaí.

Eolas: www.fiosfeasa.com nó 066-9152465