Feisirí Gaelacha

TÁ AN Feisire Eorpach, Jim Higgins, (FG) ag moladh do dhaoine a oiread Ghaeilge a labhairt le linn Sheachtain na Gaeilge agus…

TÁ AN Feisire Eorpach, Jim Higgins, (FG) ag moladh do dhaoine a oiread Ghaeilge a labhairt le linn Sheachtain na Gaeilge agus is féidir leo. Dúirt sé go labhródh sé Gaeilge i bParlaimint na hEorpa mar is iondúil ag an am seo bliana agus gur bhain sé sult as an teanga a chur chun cinn.

Ag caint Dé Luain, mhol sé an suíomh nua gréasáin, Abair Leat, agus Bród Club ar RTÉ as an teanga a chur chun tosaigh; ba chuid “lárnach” de chultúr na hÉireann í an Ghaeilge.

Mhol a chomhghleacaí i bParlaimint na hEorpa, Seán Kelly (FG), TG4 agus RnaG as an méid a bhí déanta acu ar son na cumarsáide i nGaeilge.

Agus é ag caint sa Bhruiséil seachtain ó shin, dúirt sé gur chóir tuilleadh airgid a thabhairt do na seirbhísí seo: “Irish language media such as TG4 and RnaG are continuously promoting the language and represent huge cultural value in preserving our national tongue.

READ MORE

“I view this role as an additional public service and therefore, it should benefit from a higher percentage of the licence fee than it is currently assigned.”

Ag caint sa Dáil an tseachtain seo caite, dúirt uachtarán Shinn Féin, Gerry Adams, gur chuir sé “gliondar croí” air an oiread sin daoine óga bheith ag caint Gaeilge. Dúirt sé go mbeadh “impleachtaí ollmhóra” ag na ciorruithe oideachais do pháistí na Gaeltachta agus don teanga féin dá gcaillfí múinteoirí. Bhí “tábhacht ar leith” ag an Ghaeltacht i gcaomhnú na teanga.

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí

Pól Ó Muirí is a former Irish-language editor of The Irish Times