Failte is fiche romhaibh

Beocheist:  In a shock announcement, world leaders say immigration controls are to be abolished, writes Seán Ó Riain.

Beocheist:  In a shock announcement, world leaders say immigration controls are to be abolished, writes Seán Ó Riain.

TÁ sé fógraithe ag na tíortha is saibhre ar domhan go bhfuilid chun deireadh a chur le teorannú ar an inimirce.

Ag an gcruinniú mullaigh mheabhraigh urlabhraí do na meáin nach mbíodh teorannú ar bith ann go dtí breis beag agus 100 bliain ó shin.

"Níor cheart riamh," ar sise, "féachaint ar an inimirce mar fhadhb. Is mar sin a chothaítear ciníochas, fulaingt is naimhdeas. Caithfimid an cheist a chur orainn féin an bhfuil níos mó saoirse taistil ag daoine geala ná mar atá ag daoine eile?"

READ MORE

"Soghluaiseacht, tá ciall léi," an manadh nua don tsochaí. "Is oth linn anois gur chuir stáit áirithe dian-reachtaíocht imirce i bhfeidhm le scór bliain anuas," arsa an t-urlabhraí.

Tuigtear dúinn gur aontaigh na ceannairí gan stró nach raibh cúis ar bith ann le daoine a chosc ón domhan a thaisteal ag lorg oibre nó áit chónaithe. "Go háirithe na laethanta seo nuair a bhíonn forais mar an IMF, WTO agus an Banc Domhanda ag iarraidh maoin, earraí is caipiteal a bhogadh timpeall an domhain gan chosc gan cheangal."

Ciallaíonn an cinneadh nua go mbeidh sé de cheart ag gach éinne dul pé áit is mian leis, post a fháil nó cur fúithi áit ar bith ar domhan - díreach mar is féidir le saoránaigh a dhéanamh san Aontas Eorpach agus sna Stáit Aontaithe agus gach éinne ina thír dhúchais féin.

Tá an teorannú róchostasach ar fad, $1.5bn sa Ríocht Aontaithe gach aon bhliain. Faoin bplean nua cuirfear deireadh le trealamh lochtach is costasach an mhaorlathais a chinneann cé acu atá duine i dteideal bheith ina theifeach nó nach bhfuil.

I 1996 ghlac Ceanada le 82 faoin gcéad dóibh siúd a lorg dídean ó chogadh cathardha i Srí Lanca, ghlac an Bhreatain le 0.2 faoin gcéad.

"Ní féidir gur dhírigh na fíortheifigh ar Cheanada agus na bréagadóirí go léir ar an Bhreatain," a dúirt an t-urlabhraí.

Thug na ceannairí fianaise d'iriseoirí go mbíonn dea-thionchar ag inimircigh ar rachmas na dtíortha a nglacann leo. Íocann inimircigh sna Stáit Aontaithe níos mó cánach ná mar a fhaigheann siad ó ranna leasa shóisialaigh. Sa Bhreatain, íocann inimircigh $3.75 billiún in aghaidh na bliana do chistí an stáit, cé nach bhfuil ach 0.1 faoin gcéad den daonra ina dteifigh.

Gan inimircigh bheadh gnéithe áirithe de thionscalaíocht an domhain ag titim as a chéile. Mar shampla, sna Stáit Aontaithe tá an talamhaíocht, tionscal na tógála agus seirbhísí éagsúla eile ag brath go mór ar inimircigh, iad san atá "mídhleathach" san áireamh.

Dúradh linn, áfach, go raibh tír bheag ar imeall na hEorpa imníoch go maith faoin bplean nua. De réir ár bhfoinsí féin, b'éigean do thíortha eile a mheabhrú do na hairí rialtais go raibh daonra na hÉireann ag dul in aois agus go raibh baol ann nach mbeadh go leor oibrithe, ceal inimirceach, le dóthain chánach a íoc chun seirbhísí poiblí a chosaint agus chun cúram a dhéanamh de na seanóirí.

D'EISIGH na ceannairí ráiteas láidir faoina gcinneadh réabhlóideach: "Tapaimid an deis seo lenár ndaonnacht a thaispeáint go praiticiúil. Ní chruthóimid teifigh trí airm a dhíol le deachtóirí ná le éinne atá ag cothú coimhlinte. Ní bhascfar cultúr ná pobal ar bith. Ina dtíortha féin nó in aice leo, sna tíortha is boichte amuigh, atá móramh teifeach an domhain mar nach mbíonn an gustal acu a gceantair féin a fhágáil. Ní sinne ach na teifigh atá ag fulaingt.

"Dearbhaímid mar bhunphrionsabal go bhfuil cead taistil ina cheart bunúsach ag gach aon duine. Má chuirtear srian leis an duine, sáraítear cearta daonna an duine. Ós rud é gur saoránaigh, seachas coirpigh, teifigh an domhain, dúnfar na hionaid choinneála ar fad, ag tosnú láithreach le príosún Woomera san Astráil. Thar rud ar bith eile, dearbhaímid gur ag na teifigh féin is fearr atá a fhios an gá dóibh teicheadh ag lorg buaine eacnamaíochta agus sábháilteachta coirp is intinne."

Agus seo á scríobh, tuairiscítear go bhfuil na sluaite ag fáiltiú roimh a dtaoisigh abhaile le gártha molta i mórchathracha an domhain.

Focal scoir ón tuairisceoir seo. "Á bhuel, Útóipe ach cén dochar na brionglóidí? Bíonn gá le fís."