Eire, Alabama

Crobhingne: Is maith linn dátaí cruinne

Crobhingne: Is maith linn dátaí cruinne. Tá cruas éigin ag baint leo, deimhne éigin nach mbaineann le sruthlú scaoilte an tsaoil.

Dáta cinniúnach é an séú Lúnasa 1945 mar ba ar an lá sin a scaoil na Poncánaigh a bhuachaill deas ramhar anuas ar na fir bhuí in Hiroshima. Dúirt Virgina Woolf gur athraigh an nádúr daonna ar dháta éigin i mí na Samhna sa bhliain 1911 bíodh nach bhfuil teacht agam ar ábhar a dearfachta.

Ceann eile don dialainn dúinn: an t-aonú lá dhéag de Mheitheamh 2004. B'shin é an dáta inar athraigh Éire. Roimhe sin ligeamar orainn go rabhamar oscailte, fáilteach, carthanúil; nuair a tugadh ár ndúshlán is amhlaidh go bhfuaireamar amach go bhfuilimid chomh sprionlaithe, suarach, beagmhaitheasach, cúngaigeanta, cneamhaireach - agus abraítear amach go hoscailte é - chomh ciníoch claonta gránna meonbhinbeach le daoine geala na hAfraice Theas.

Go deimhin, is measa go mór ná sin é. Bhí a gcúis ag muintir gheal na hAfraice Theas a bheith sceimhlithe roimh an bhfear gorm. Bhí siad ina dtimpeall. Dá scaoilfí an gad tairr oiread na fríde bheadh a bport seinnte, agus chaillfí iad sa ghéim. Bhí bagairt do shaol deas compordach an duine ghil san Afraic Theas. Ní raibh, agus níl aon bhagairt ann dúinne. Táimid chomh slán leis an leanbh sa chliabhán, leis an gcarraig ar an ngealach, leis an sneachta ar Chumalunga. Tugadh ár ndúshlán, agus theip go tubaisteach orainn.

READ MORE

In áit céad míle fáilte, is céad mílte áfach, ámh, ár mana feasta.

Tuigimid anois nach raibh sa chaint sin go léir faoi na páistí gorma, agus na pingneacha a bailíodh dóibh, ach an oiread sin gaoithe: puthaireacht shaonta na mban rialta agus snasliobrálachas gan praghas le híoc. Tuigimid anois nach bhfuil sa bhailiúchán bliantúil teilifíse ar son na ndaoine is boichte ná sinn ach fimíneacht fhollasach fhíochmhar.

Tuigimid nach bhfuil sna dánta sin a mhúintear sna scoileanna, na dánta sin gona ngothaí coinsiasa ach bladar bladarach baoth: "I dtosach tháinig siad do na Giúdaigh/Ach ní dúirt mé smid toisc nár Ghiúdach mé" a scríobh Martin Niemoller, "Agus ansin tháinig siad do na Cumannaigh/Ach ní dúirt mé smid toisc nár Chumannach mé/Agus ansin tháinig siad do na Ceardchumannaigh/Ach ní dúirt mé smid toisc nár Cheardchumannach mé...Agus ansin tháinig siad domsa/Ach faoin am sin ní raibh duine ar bith ann le smid a rá."

Seintimintí breátha gan aon agó, ach ní chreideann gach ceathrar as cúigear a shiúlann sráideanna ciníocha na hÉireann aon phioc díobh. Féach san aghaidh orthu, ceathrar as gach cúigear ar do shiúlta dhuit, daoine iad a bhfuil a gcroí dúnta ar an bhfáilte Ghaelach, ar an gcarthanacht Chríostúil, ar an bheith istigh a éilíonn gach reiligiún agus gach creideamh. Cloisfir an lúbadh agus an gheonaíl, gan amhras, óir ní admhaíonn aon duine go bhfuil cnámh chiníoch ina cholainn.

"Ní duine ciníoch mé, tá a fhios agat sin, nach bhfuil, nach bhfuil a fhios agat sin, ach tá an iomad díobh ann, tá a fhios agat, tá mí-úsáid á baint as an gcóras leasa shóisialaigh...ní duine ciníoch mé...níl ann ach go gcaithfimid ár gcuid dlithe a thabhairt chun réitigh...bainistíocht bhaile, tá a fhios agat..."

Tá mo dhá chluais leis an talamh, chomh gar sin de go bhfuil siad stuptha le salachar agus le clábar agus le cac mhadraí an bhaile. Níor chuala mise ach an cogar céanna, an cogar síoraí, agus an leathfhéachaint a chuaigh leis, agus an nod eolgaiseach, agus an miongháire suarach, agus b'é cogar é, b'é siosmarnach síoraí é: "Tá an iomad díobh ann.Giofóga, coinnítear amach iad, daoine gorma, Nigéirigh, Rúmánaigh, coinnítear amach iad."

Bhí an seothó seo ag siúl go nimhneach ar fud na n-ospidéal agus na dtithe tabhairne agus in áit ar bith a raibh beirt nó triúr bailithe le chéile ina n-ainm féin.

Cheana féin tá na filí i mbun pinn: "Anocht is suarach Éire/Tír lán bladair/Fearann fuar gaoithe/Tír cábóg is daoithe." Agus an file Béarla, leis: "Those Romantic Irish - poor old fools/Truly buried by McDowall."

Ar an aonú lá dhéag de Mheitheamh 2004 chuireamar cúpla míle bliain de shibhialtacht na hÉireann chun báis. Agus is cuma linn. Don chéad uair riamh im shaol tá náire orm go bhfuil baint agam leis an náisiún seo a rinne feall gránna ar dhaoine bochta Dé.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar