Éarlamh nua

Ó BHÍ an scoil gheimhridh ann anuraidh tá ceathrar eile de lucht tacaíochta Merriman imithe ar shlí na fírinne: Nollaig Ó Gadhra…

Ó BHÍ an scoil gheimhridh ann anuraidh tá ceathrar eile de lucht tacaíochta Merriman imithe ar shlí na fírinne: Nollaig Ó Gadhra; Flann Ó Riain; Seosamh Ó Méalóid agus Éarlamh an Chumainn, an Dr Pádraig Ó hIrghile.

Fógraíodh, áfach, gur ghlac an file agus duaiseoir Nobel, Séamus Heaney, le cuireadh Chumann Merriman bheith ina chomharba ar Ó hIrghile.

Agus má bhí roinnt de na seanaghaidheanna in easnamh ó chomhluadar na scoile i mbliana, bhí go leor aghaidheanna úra ann, daoine óga a lán acu, atá ag iarraidh cur lena n-eolas ar an cheol traidisiúnta. Orthu sin bhí Kayla Reid, bean óg as na Stáit Aontaithe a raibh canúint Ghaoth Dobhair go paiteanta aici, agus a chan amhrán Gaeilge a chum sí féin don ócáid.

Ba é seo fosta an chéad uair do Shorcha Nic Lochlainn as Gleann Airm, Co Aontroma, bheith i láthair ag an scoil. Tá taighde á dhéanamh aici in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, ar an ghaol idir amhránaíocht Aontroma agus amhránaíocht na hAlban.

READ MORE

Is iníon í le Brian Mac Lochlainn an t-aon duine ar domhan b’fhéidir a bhfuil an Ghaeilge agus Albanais Uladh ar a thoil aige.