Duais scoile

Tá Iontaobhas na Gaelscolaíochta i dTuaisceart Éireann anois ar lorg iarratas do Dhuais Jeanette O'Callaghan McKiernan, gradam…

Tá Iontaobhas na Gaelscolaíochta i dTuaisceart Éireann anois ar lorg iarratas do Dhuais Jeanette O'Callaghan McKiernan, gradam atá dírithe ar na naíscoileanna sa Tuaisceart.

£2,000 atá i gceist leis an duais agus ba cheart do naíscoil cuntas gairid 300 focal a scríobh agus cur síos a dhéanamh ar an úsáid a bhainfeadh siad as an airgead. Tabharfaidh an tIontaobhas an duais don iarracht is fearr a léiríonn samhlaíocht agus tuigbheáil ar naíscolaíocht. Is é an Chéadaoin 31ú Eanáir an sprioclá.

Eolas:048-90241510 eolas@iontaobhasnag.com