Díomá faoi chré mhearaí Quinn

BeocheistÉilis Ní Anluain Tá drogall orm, i Seachtain na Gaeilge, bheith dian ar iarracht a rinneadh anuraidh…

BeocheistÉilis Ní AnluainTá drogall orm, i Seachtain na Gaeilge, bheith dian ar iarracht a rinneadh anuraidh ceann de mhórshaothair na Gaeilge a chur faoi bhráid an phobail ach caithfidh mé a rá gur chuir an scannán a rinne Robert Quinn de Cré na Cille an-díomá orm.

Taispeánadh den chéad uair é ag Féile Idirnáisiúnta Scannán Bhaile Átha Cliath agus tá sé anois ar camchuairt ar fud na tíre.

Bhí mé ag súil go mbeadh cosúlacht éigin idir é agus cóiriú Mhacdara Uí Fhátharta don stáitse a léirigh Darach Mac Con Iomaire i dTaibhdhearc na Gaillimhe roinnt blianta ó shin, agus a taispeánadh arís anuraidh, mar chuid de cheiliúradh céid Mháirtín Uí Chadhain (1906-70).

Sa tsraith Beckett on Film bhí formhór na scannán dílis do na drámaí.

READ MORE

Ba chomhaosaigh iad Beckett agus an Cadhnach agus rinneadar beirt teagasc i gColáiste na Tríonóide ach thar aon rud eile tá cosúlacht idir caint athráiteach a gcarachtair agus iad greamaithe in aon spota amháin.

B'ionann beagnach na haisteoirí a bhí sa dá léiriú. Bríd Ní Neachtain, Macdara Ó Fátharta, Peadar Lamb, Joe Steve Ó Neachtain, Tom Sailí Ó Flaithearta agus Máire Ní Dhroighneáin sna páirteanna céanna agus Máire Ní Mháille sa scannán áit a bhí Máire Ní Ghráda ar an stáitse.

Bhí baint freisin ag cuid de na haisteoirí céanna le dhá léiriú eile de mhórshaothar seo Uí Chadhain, cóiriú Johnny Chóil Mhaidhc do RnaG i 1973 a bhfuil fáil anois air mar dhlúthdhiosca ó Chló Iar-Chonnachta, agus cóiriú Mhacdara Uí Fhátharta d'Amharclann na Mainistreach i 1996.

An t-úrscéal féin, a foilsíodh i 1949, tá deich gcaibidil ann, a dtugtar eadarlúid orthu. Tá mórán an dul céanna orthu ar fad, is é sin go dtosaíonn siad le sliocht fileata, Stoc na Cille, ansin go dtagann marbhán nuachurtha isteach.

Caitríona Pháidín is túisce 'ar an stáitse' agus is í a chuireann ceist ar gach uile cheann a thagann ann ina diaidh faoina shiocair bás, fir is mó is ea iad, agus faoi cé mar atá cúrsaí i measc na mbeo.

Maidir leis an gcóiriú stáitse, d'airigh mé gur ghiorraigh sé an buntéacs gan baint de, go mba dhlúthú é a bhféadfaí a rá faoi go dtagann sé ar fhoirm fhoirfe an tsaothair, naonúr aisteoir a theacht ina nduine is a nduine ar stáitse go mbíonn comhluadar mór ann ar deireadh agus iad ar fad ag plé lena chéile amhail is go rabhadar beo i gcónaí.

Agus cé gur minic ráite é ní miste a rá arís mar a d'ardaigh na haisteoirí croíthe an lucht féachana agus chomh ceart a bhíodar ina bpáirteanna.

Má deirim gur chuir an dráma an chéad chuid den scéal Dé Luain, Dé Máirt, i gcuimhne dom, an ceann faoin gcruiteachán ar bhain an slua sí an chruit dá dhroim mar gur chuir sé, de thaisme, na focail "is Dé Céadaoin" go deas binn leis an amhrán a bhíodar ag casadh agus é ag gabháil thar an lios, feileann an dara cuid den scéal chomh maith céanna le cur síos ar an gcaoi a ndeachaigh an scannán i bhfeidhm orm.

Chuala cruiteachán eile ar rud a thit amach, shiúil d'aon turas thar an lios agus scread amach "Déardaoin, Dé hAoine, Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh" - gur chuir an slua sí an chruit air a bhí bainte acu den chéad duine.

D'fhág an léiritheoir Stoc na Cille ar lár "mar nach raibh sé físiúil" agus da réir tosaíonn gach mír le seiceamh íomhánna, dáta ar an scáileán ar a bhfuil radharc de Chonamara, taobh amuigh nó taobh istigh, pé acu áit a bhfuil an chéad duine eile sa scéal le bás a fháil, a thaispeántar uair in dhiaidh a chéile, sa chaoi go mbaintear de thráchtaireacht na marbhán ina dhiaidh sin ar a siocair bás, i measc rudaí eile.

Tá líon mór aisteoirí sna radharcanna seo ina dtaispeántar carachtair a ndéantar trácht orthu sa reilig ach nach dtagann ann sa scéal, rud eile a bhaineann de thábhacht na cainte agus a shéanann úsáid na samhlaíochta ar an lucht féachana.

Daite atá na radharcanna seo agus dubh agus bán atá an saol faoi thalamh, agus ar bhealach nach dtagann leis an bhuntéacs, déantar taibhsí de na príomhcharachtair.

Ní thugann an síorathrú idir an dá shaol, gan trácht ar an suaitheadh talún agus spéire ag nóiméad an bháis, aon seans do na príomhaisteoirí an lucht féachana a tharraingt isteach sa leanúnachas cainte a mbeadh súil acu leis in Cré na Cille.

Go ndéantar taifeadadh stuama den dráma; níl againn ar téip, faraor, ach meascán mearaí Quinn.