Dha thaobh na sraide

Crobhingne: Cé go bhfuil George Walker Bush acu go ceann ceithre bliana eile tá Noam Chomsky, leis, acu

Crobhingne: Cé go bhfuil George Walker Bush acu go ceann ceithre bliana eile tá Noam Chomsky, leis, acu. Labhróidh duine acu i bhfoclaibh leamha, agus an duine eile san fhírinne shearbh.

Cé go bhfuil Dic Slabhra an Cheney acu, tá daoine eile a bhfuil croí mór maith acu agus flaithiúlacht dá réir.

Cé go bhfuil Kelsey Grammar acu nach raibh riamh ar scoil ag na Bráithre Críostaí, tá Bruce Springstein chomh maith a chanann agus a cheolann mar atá nuair nach saolaítear tú leis an spúnóig airgid sin id ghob.

Cé go bhfuil George Bhácar Bush acu, agus a chonách sin orthu, tá nach mór a leath díobh nár chaith guth ar a shon.

READ MORE

Cé go bhfuil níos mó WMDanna acu ná mar atá ag gach stát eile ar domhan arna gcur le chéile, níl WMDanna ag formhór mór na dtíortha sa chruinne agus níl aon dúil acu iontu.

Cé go bhfuil saighdiúirí acu i mbreis agus céad tír neamhspleách ar an bpláinéad, níl saighdiúirí ar bith ag oiread agus aon tír amháin le cuireadh nó gan chuireadh ar fhearann beannaithe na Stát Aontaithe.

Cé go bhfuil Seoirse Bhác Bhác Bush acu lena chuid bladair neamhfhileata simplí, tá Bob Dylan freisin acu gona fhriotal caolchúiseach timpeallach agus a cheol aoibhinn uasal.

Cé go bhfuil pionós an bháis acu leis an gcroich, leis an tsnáthaid, leis an bpiléar, leis an seomra gáis, leis an gcathaoir leictreach, cé go bhfuil pionós an bháis acu do dhaoine saonta le héalaing mheabhrach, do leanaí óga, do ghormaigh bhochta, tá guth fann lag thall is abhus anois is arís a chuireann ina choinne uair umá seach go fánach.

Cé gur féidir gunna a cheannach mar a gheofá guma coganta ar thaobh na sráide, is féidir hamburgar a fháil chomh saoráideach céanna in imeall na slí.

Cé go bhfuil Gorge Bhaincéir Bush acu lena shúile moncaí, tá Philip Roth i gcónaí ann agus a chuid cillíní samhlaíochta ar lánséideadh go solasmhar.

Cé go bhfuil Budweiser agus Millers múnbhlasta uisciúil acu, tá Colt45 le fáil i bhfolach in áiteanna nach bhfeadair aon duine ach na saineolaithe.

Cé go bhfuil ginmhilleadh ar fáil le cuireadh agus le hiarraidh, tá daoine eile ann atá ar son na mbeo agus ná haontaíonn gur chóir breis agus céad míle Arabach a chur chun báis mar mhalairt ar an ngin neamhchiontach sa bhroinn.

Cé go bhfuil Gob Wonker Bush acu agus a chuid neamhthuisceana ar Bhéarla, tá Paul Auster, leis, acu a ghearrann tríd an luifearnach.

Cé go bhfuil Abu Ghraib agus Cuan Ghuantanamo na droch-cháile acu, tá bunreacht láncheart daonna acu, an té a d'éisteodh leis.

Cé go bhfuil Gerry Springer agus Rikki Lake acu, tá na Simpsons in Springfield beo chun sinn a thabhairt ar ais ar an talamh.

Cé go bhfuil Saoirse Whacko Bush ó Texas acu ag dalladh an tsaoil, tá na Dixie Chicks sásta a dhúshlán a thabhairt.

Cé go bhfuil siad ag beartú ionsaí a dhéanamh ar an Iaráin, ní léir go bhfuil an tSín i radhairc a dhá súil fós.

Cé go bhfuil Donald Rumsfeld sa rialtas, is dícheall dó abairt a chríochnú leis an drochbheart deiridh a chur i bhfeidhm.

Cé go bhfuil Geeorg Walmart Bush acu, tá soirbhuígh ann a mhaíonn go bhféadfadh sé bheith níos measa, ach deireann siad seo ceal fianaise agus le teann íoróine.

Cé go bhfuil MacDonalds agus gach áis mhearbhia eile acu agus ceapairí pischnó ime le subh acu don bhricfeasta, gheofá stéig ramhar mhall in Omaha Nebraska a chuirfeadh súlach led ghéill.

Cé go bhfuil saoirse cainte soir siar ó chósta go cósta ní hionann sin is go bhfuil faic á rá, nó nach é an seanphort céanna atá á sheinneamh agus ag cách á chraoladh.

Cé go bhfuil Garg Walkyrie Bush acu, bhí uachtaráin eile ann nár éirigh leo na ceithre bliana slána a chur isteach.

Cé go bhfuil Britney Spears agus a bhfuil d'fholús idir a dhá cluais acu, tá Tom Waits i gcónaí ann, neach nach bhfanann is nach bhfoighníonn leis an amaidí.

Cé go bhfuil an Weekly World News acu a chruthaíonn go seachtainiúil go bhfuil Elvis beo ar Neiptiún, tá Barnes & Noble agus Amazon.com acu a thálfaidh pé leabhar sean nó nua atá uait.

Cé go bhfuil Gág Warkry Bush acu go ceann ceithre bliana eile, is amhlaidh go bhfuil sé againne freisin.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar