Dargan: traein agus tra

Beocheist: Cothrom an lae inniu sa bhliain 1854 bunaíodh an Gailearaí Náisiúnta le hAcht Pairliminte agus, le hoscailt Líne …

Beocheist: Cothrom an lae inniu sa bhliain 1854 bunaíodh an Gailearaí Náisiúnta le hAcht Pairliminte agus, le hoscailt Líne Shráid Fhearchair mí roimhe sin, déanadh mórionad saoire de Bhré, Co Chill Mhantáin. Éilis Ní Anluain a scríobh.

Ní foláir nó go raibh na rudaí seo ag teacht chun cinn ar aon nós, ach tá rian aon fhir amháin ar an am agus ar an mbealach áirithe ar thiteadar amach. Is é sin an t-innealtóir William Dargan (1799-1867).

I vóta a bhí ag an BBC anuraidh, le teacht ar rogha na ndaoine don mBriotanach ba mhó le rá, d'éirigh go han-mhaith le Brunel, ach go dtí seo is beag cur amach a bhí ar Dargan, a shamhail anseo in Éirinn.

Le deireanas, áfach, ainmníodh an droichead nua i nDún Droma a tógadh don Luas, atá ar chuid de Líne Shráid Fhearchair, in onóir dó.

READ MORE

Mac feirmeora ó Cheatharlach ab ea Dargan a chuaigh ag obair i dtosach le Telford a bhí ag tógáil an bhóthair mhóir ó Londain go Holyhead. Nuair a d'fhill sé ar Éirinn thóg sé tuilleadh bóithre, maraon le canálacha agus sa bhliain 1834, faoina chúram osclaíodh an chéad iarnród sa tír, ó Bhaile Átha Cliath go Dún Laoghaire.

Fostóir maith ab ea é a ghlac go minic le scaireanna in ionad íocaíocht dó féin agus ar an gcaoi seo, dar lena fhógra mairbh, chuidigh sé le téarnamh na tíre tar éis an Ghorta.

Mar léiriú ar an gcion a bhí ag daoine air, i gcur síos comhaimsire sa pháipéar seo, dúradh go raibh 700 oibrí iarnróid ar a shochraid go Reilig Ghlas Naíon.

In 1853, bliain sular chríochnaigh sé Líne Shráid Fhearchair chaith Dargan £100,000 ar Mhór-Thaispeántas Tionsclaíochta ar Fhaiche Laighean os comhair Chearnóg Mhuirfean.

Bhí de dhifríocht idir é seo agus Mór-Thaispeántas an Crystal Palace i Londain (1851) go raibh halla ealaíne ann le pictiúir agus deilbh a bhí faighte ar iasacht aige. D'éirigh go maith leis an taispeántas ó thaobh líon na gcuairteoirí de - breis agus milliún agus an Bhanríon Victoria agus an Prionsa Albert ina measc.

Tar éis an taispeántais cuireadh coiste ar bun, a bhailigh £5,000 le geailearaí a thógáil, a bheadh ina bhuanchuimhneachán ar Dargan, a chaill £20,000 ar an taispeántas.

Thug Dargan aghaidh ansin ar Bhré. Taobh istigh de dheich mbliana tar éis dó an t-iarnród a thabhairt ann in 1854, rinne sé forbairt ar stráice talúin míle ar fhad agus thart ar a thrian sin ar leithead.

Ó Cheann Bhré go dtí an cuan thóg sé talamh ar léas agus leag sé amach an tAsplanád agus Bóthar na Trá taobh leis áit ar tógadh sraitheanna de thithe breátha ag breathnú amach ar an bhfarraige. Ingearrach leis seo, thóg se bóithre a nasc an tSráid Mhór agus an trá.

Bunaíodh Coimisiún Baile in 1857 agus bhí sé mar aidhm ag na coimisinéirí, Dargan ina measc, 'Brighton na hÉireann' a dhéanamh de Bhré. Ar eagla go gcuirfí as do na turasóirí galánta, bogadh na margaí agus na haontaí ó lár an bhaile agus níor ligeadh níos mó do na hiascairí teacht i dtir ar an trá.

I mBaile Átha Cliath bhí pictiúir, a bhí á bhfáil ar iasacht, á dtaispeáint san RHA ó 1854, an bhliain chéanna a shocraigh an RDS, a bhí i dTeach Laighean ag an am sin, go dtógfaí Músaem na nAinmhithe ar thaobh amháin de Fhaiche Laighean.

Ar an gcoinníoll go mb'ionann an dearadh a bheadh ar an dá fhoirgneamh ón taobh amuigh, socraíodh go dtabharfaí áit don Gailearaí Náisiúnta ar an taobh eile. Bhí deich mbliana ann agus daoine éagsúla ag obair ar phleananna sular osclaíodh an Gailearaí go hoifigiúil in 1864.

Tá cúpla ceangal ó thaobh na hailtireachta de idir tógáil an Ghailearaí agus tógáil Bhré.

Thóg Lanyon agus Lynn ó Bhéal Feirste, nár glacadh lena bpleananna don Ghailearaí toisc iad a bheith róchostasach, tithe suntasacha i mBré, iad in dhá shraith de dháréag sa stíl Iodálach cúl le cúl ar dhá bhóthar chun na trá.

Agus is é Sir Thomas Newenham Deane (a rinne an dearadh do Sciathán Bhaile an Mhuilinn an Ghailearaí) a rinne an dearadh do Halla an Bhaile i mBré.

Mar chomóradh ar an gcéad go leith, tá taispeántas breá sa Ghailearaí Náisiúnta a insíonn a scéal ón tús go dtí an lá atá inniu ann. É saor in aisce agus ar siúl go dtí an 12ú Meán Fómhair.

Agus i mBré, tá cuimhní samhraidh á ndéanamh ann fós i mbliana - bhí 'gig' dátheangach den scoth ag na Hothouse Flowers cois trá agus beidh an Roth Mór is mó san Eoraip ag casadh ag bun Cheann Bhré go dtí an 12ú Lúnasa.

Sílim go dtaitneodh sé le William Dargan, fear traenach, ealaíne agus trá.