Cursa Conallach

Tá Teach na hÉigse, an Fal Carrach, Co Dhún na nGall, ag eagrú dhá chomhdháil 10 lá i mí Iúil agus i mí Lúnasa i mbliana…

Tá Teach na hÉigse, an Fal Carrach, Co Dhún na nGall, ag eagrú dhá chomhdháil 10 lá i mí Iúil agus i mí Lúnasa i mbliana.

Mairfidh an chéad chúrsa idir an Satharn 24ú Iúil go dtí an Luan 2ú Lúnasa agus beidh an dara cúrsa ar siúl idir an Satharn 7ú Lúnasa go dtí an Luan 16ú Lúnasa.

Tá táille €450 ar an ócáid do dhaoine ón Aontas Eorpach agus €800 do dhaoine taobh amuigh de.

Is iad Janice Fitzpatrick Simmons agus Gréagóir Ó Dúill, filí, agus Anna Ní Dhomhnaill, aistritheoir, a bheidh i mbun na hoibre. Beidh léacht maidine, ceardlann tráthnóna agus léamh oíche ar siúl le linn gach comhdhála agus deir muintir an tí go mbeidh páirt mhór ag an Ghaeilge sa chlár oibre. Eolas: 074-9165470 nó poetshouse@eircom.net