Comhra cois sraide i dTir an Iuir

Beocheist: Deich chun a ceathair, phairceail me an gluaistean ar shraid chaoch i dTir an Iuir san ardchathair

Beocheist: Deich chun a ceathair, phairceail me an gluaistean ar shraid chaoch i dTir an Iuir san ardchathair. Bhios beagainin luath don choinne a bhi agam i dteach ar an tsraid.

Le linn dom bheith ag tiomáint isteach sa cheantar chonaic mé fear ag géarfhéachaint orm, ag gliúcaíocht agus a lámha ag gluaiseacht go mírithimiúil.

As tiúin lena chéile. An chéad rud a bhuail isteach i m'aigne chugham, duine ina chónaí ar an tsráid ba ea é gan aon fháilte aige roimh ghluaisteáin ag páirceáil ar a fhód féin. I mbun maoirseachta dá chomharsana, b'fhéidir. D'fhágas an gluaisteán, chuireas an t-aláram ar siúl. Choinnigh mé súil ar an bhfear ar feadh an ama. Dheifrigh sé i mo threo agus bhí na lámha níos corraithe.

Bhí na freagraí ar bharr mo theanga agam i dtaobh páirceáil ar shráid phoiblí, bíodh is go raibh an tsráid féin scartha amach ó bhóithre mórthráchta torannacha na cathrach agus an ceantar féin ciúin go maith.

READ MORE

Ní raibh le feiscint san áit ach an bheirt againn um an dtaca seo. Ní raibh aon ghluaisteán eile ar an tsráid, fiú.

"D'fhág mo bhean mé. Níl a fhios agam cá bhfuil sí."

Bhí mo réamhfhreagraí ar pháirceáil iomarcach.

"Cathain a d'imigh sí?"

"Ar maidin."

Bhíomar beirt cóngarach dá chéile agus ábalta féachaint ar aghaidh a chéile anois. "Cá bhfuil cónaí ort?" arsa mise. "Áit éigin anseo," ar seisean.

"Cé acu teach?"

"Níl a fhios agam. Cá bhfuil mo bhean chéile, cá bhfuil sí? Ar strae? Cathain a bheidh sí ar ais?"

"Cad is ainm duit?" arsa mise.

"Maidhc."

"Go maith, a Mhaidhc. Is mise Maidhc chomh maith. Tiocfaidh do bhean chéile ar ais. Imithe go dtí an siopa, is dócha. Beidh sí ar ais go luath. Cinnte."

Bhí sé an-chorrathónach agus éirithe an-chorraithe ann féin. Ardleibhéal imní le feiscint ar a aghaidh agus sna súile.

Na lámha ar an gcuma go raibh siad ag iarraidh an imní a mhaolú. A mhalairt a bhí ag titim amach. Treisiú ar siúl acu agus a chorp i bhfoirm snaidhme gan scaoileadh, gan réiteach. Chuireas ceist air athuair faoina theach. Cé acu ceann ar an tsráid a raibh cónaí air. Thuigeas go raibh sé an-tábhachtach é a shuaimhneasú agus a chiúnú agus ligint don bhuaireamh is don suaitheadh intinne ísliú de réir a chéile.

Rugas ar lámh leis den chéad uair. Chuireas lámh eile thar a ghualainn. Chabhraigh sé sin beagán. Thosaíomar ag siúl thar na tithe, bhíos ag cuardach féachaint an raibh doras ar bith oscailte, leath-oscailte, fiú.

Chonaiceas teach amháin ar an gcaoi sin agus dúirt leis go mb'fhéidir gur leisean an teach sin. Shéan sé é sin go láidir. Díreach ansin, shiúil bean amach as an teach. D'aithin Maidhc í.

"Sin í mo bhean chéile. Tá sí ar ais. Cá raibh tú in aon chor?" ar seisean. D'fhéach bean Mhaidhc ar an mbeirt againn. Chuir sí a buíochas in iúl dom. Bhí plé agus míniú iomarcach. Ligeamar dár súile agus do chomharthaí cinn an chonbharsáid a dhéanamh. Fear deighilte amach an lá sin ón tsráid inar chónaigh sé le blianta fada. Ón uair ar phós sé, déarfainn. An tsráid chéanna a d'fhág sé na mílte uair gach maidin agus ar fhill sé um thráthnóna nó níba dhéanaí. Bhí uimhir an tí greanta go soiléir ar an mballa. An gairdín ar aghaidh an tí go deas néata faoi bhláth. Gach aon rud in ord agus in eagar, beagnach, agus ag feidhmiu mar ba chóir, mheasfá.

Trí sheans bhí Maidhc i gcomhluadar strainséara an lá úd. Trí sheans bhíos luath don choinne. Trí sheans bhí an duine go rabhas ag bualadh léi ag fanacht i dteach ar an tsráid áirithe sin.

Sráid Mhaidhc. Agus is trí sheans a tugadh áiméar dom a theach a aimsiú agus lámh chúnta a thabhairt d'fhear aonuaire na sráide. Rinne na lámha mírithimiúla úd léargas agus grásta a thíolacadh orm.