Ceiliúradh cló

TÁ NA foilsitheoirí Cló Iar-Chonnacht le hoíche mhór a reáchtáil don phobal oíche Aoine ar Óstán na Páirce, an Spidéal, Co na…

TÁ NA foilsitheoirí Cló Iar-Chonnacht le hoíche mhór a reáchtáil don phobal oíche Aoine ar Óstán na Páirce, an Spidéal, Co na Gaillimhe, ag 8.30pm le deireadh a fhógairt ar imeachtaí ceiliúrtha na bliana.

Tá an teach foilsitheoireachta 25 bliain ar an saol agus reáchtáil siad sraith imeachtaí ar feadh na bliana leis an bhuaic sin a chomóradh.

Seolfaidh an comhlacht trí leabhar nua – Sé an Saol an Máistir: Filíocht Learaí Phádhraic Learaí Uí Fhínneadha, in eagar ag Gearóid Denvir; Aileach, nóibhille le Jackie Mac Donncha, agus Iad seo nach bhfaca, úrscéal le Beairtle Ó Conaire – agus catalóg, leabharliosta nua agus suíomh Idirlín leasaithe, www.cic.ie