Ceathrar marcachna gceisteanna

BEOCHEIST: "ANSIN SAN fhís dom nuair a d'oscail an tUan an chéad cheann de na seacht séala, chuala mé ceann de na ceithre dúile…

BEOCHEIST:"ANSIN SAN fhís dom nuair a d'oscail an tUan an chéad cheann de na seacht séala, chuala mé ceann de na ceithre dúile beo á ra de ghlór mar thoirneach: "Tar."

D'fhéach mé agus b'shiúd an t-each bán, bogha ag a mharcach; tugadh coróin dó agus chuaigh sé amach faoi bhua agus chun bua a bhreith". Mar a chéile arís, Agus amach le heach eile, é seo craorag, agus ceadaíodh dá mharcach an tsíocháin a bhreith leis ón talamh. Mar a chéile arís eile agus b'shiúd an t-each dubh, agus scálaí ina láimh ag a mharcach."

"Agus arís eile fós nuair a d'oscail sé an ceathrú séala b'shiúd an t-each bán báite agus "An Bás" a ba ainm don mharcach a bhí air agus lean Ifreann é; agus tugadh dóibh cumhacht ar an gceathrú cuid den domhan chun maraithe leis an gclaíomh, le gorta, le plá agus le hainmhithe allta na talún." (Apacailipsis Eoin 6: 1-7)

Tá an ceathrar marcach sin, go díreach nó go hindíreach, mar théama ag saothair ealaíona le fada. Is sa scannán The Four Horsemen (1921), mar a ndearna sé damhsa tango, a bhain Valentino cáil amach dó féin i dtosach.

READ MORE

I bhfad roimhe sin, i 1498, b'shin a bhí mar ainm ar phictiúr amháin de shraith d'íomhánna a rinne Dürer bunaithe ar an Apacailipsis, greannadóireacht adhmaid a raibh fáil uirthi go forleathan. Mar a tharlaíonn sé, sé bliana is fiche a bhíodar beirt nuair a rinneadar na pictiúir seo.

Is é a chuir ag smaoineamh air seo mé, ceathrar marcach nua a bheith ann, beirt Shasanach agus beirt Mheiriceánach, agus taifeadadh déanta ar chomhrá fada a tharla eatarthu, Meán Fómhair 2007, agus fáil anois air mar scannán a bhfuil The Four Horsemen mar ainm air.

Is iad, de réir aoise, maraon lena gcuid leabhar a bhaineann le hábhar, Richard Dawkins (66), The God Delusion (2006), Daniel Dennett (65), Breaking the Spell (2006), Christopher Hitchens (58), God is Not Great (2007) agus Sam Harris (40), The End of Faith (2004) agus Letter to a Christian Nation (2006).

Is é a chuaigh i bhfeidhm orm féin a luaithe is a thosaíos ag breathnú ar an scannán, a tharraingtí is atá an radharc a chuirtear inár láthair.

Siméadracht agus gile, matal bán agus seilfeanna leabhar gach aon taobh de, léas gréine isteach tré fhuinneog nach bhfeictear agus i lár an tseomra, boirdín cruinn a bhfuil a cosa casta go taitneamhach faoi, barr marmar air agus an ceathrar seo suite timpeall air, gan casóg ná carabhat ar éinne acu ach léinte geala ar an bheirt Shasanach, Dawkins agus Hitchens agus léinte dorcha ar an bheirt Mheiriceánach, Dennett agus Harris agus duine as gach aon tír a bheith ar gach aon taobh den mbord.

Leagan comhaimseartha, shíleas, de radharc ón scannán Orlando (1992), bunaithe ar úrscéal den ainm céanna le Virginia Woolf, agus comhrá ann idir fealsúna an 18ú haois: Swift; Addison agus Pope.

Ach ag breathnú dom ar Dennett go háirithe, fear maol féasógach beagán chun clé ón lár, tagann íomhá eile chugam, Platón i Scoil na hAtaeine (1508), an fresco cáiliúil a rinne Raphael agus é ina phéintéir óg, seacht mbliana is fiche. Sea, tá an tSean-Ghréig, an Renaissance agus an Enlightenment mar armlón agus mar eiseamláir acu, agus cath le troid in aghaidh an aineolais.

Níl fúthu tabhairt faoi iarsmaí an chultúir Chríostaí ar chuid iad dár n-oidhreacht - foirgnimh, saothair ealaíne agus an Bíobla féin (Leagan Rí Shéamuis, dar ndóigh) fiú scéal na Nollag ach, dar leo, tagann creideamh i nDia salach ar fhianaise na heolaíochta.

Mar Anglacánaigh a tógadh triúr acu agus ba Iúdach agus Caecar tuismitheoirí Harris. Maidir le hEinstein agus Hawking agus na tagairtí a dhéanann siad do Dhia, níl ansin, a deir siad ach meafar. Déarfainn gur lú a chuireann an díshondas sin isteach ar Chaitlicigh agus gur lú mar sin na hargóintí a bhíonn acu le heolaithe.

De réir mar a théann an comhrá chun cinn cuireann siad ar fad tuairimí in iúl nach ionann iad agus tuairimí an chuid eile, i leith ceisteanna ar nós cad is spioradáltacht ann, cén dearcadh a bheadh acu i leith daoine le creideamh measartha agus céard ba cheart a dhéanamh faoin bhagairt ó antoiscigh Ioslamacha.

Scannán spreagúil dhá uair an chloig is ea, The Four Horsemen,agus é le fáil ar YouTube. Agus seanóirí na marcach seo ina mbuachaillí óga meastú an raibh an freagra ag an Ríordánach nuair a scríobh sé a dhán, An Cheist- "Bhfuil síoraíocht ann mar deir na naoimh/laistiar den chnuimh, den chré sa chill?"