Cath an Bhille

Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar Theachtaí Dála agus Sheanadóirí tacaíocht a thabhairt d'fheachtas leis an Bhille Teanga…

Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh ar Theachtaí Dála agus Sheanadóirí tacaíocht a thabhairt d'fheachtas leis an Bhille Teanga "a láidriú".

Ó d'fhoilsigh an tAire Éamon Ó Cuív an Bille Teanga tá coicís ó shin, tá na heagrais dheonacha Ghaeilge ag léiriú a míshástachta leis. Tá an Bille le dul os comhair an tSeanaid Déardaoin 8ú mí na Bealtaine agus níl mórán ama fágtha ag na heagrais leasuithe a dhéanamh.

Dúirt riarthóir an Chonartha, Aoife Ní Scolaí, go raibh an t-eagras i ndiaidh bileog eolais dhátheangach a chur chuig gach Teachta Dála agus Seanadóir lena dtacaíocht a lorg do leasuithe nua. Bhí siad ar lorg cruinnithe leis na hurlabhraithe éagsúla Gaeltachta a bhí ag gach páirtí polaitiúil.

Scríobhtar sa bhileog féin: "Tá i bhfad níos mó i gceist le teanga ná meán cumarsáide: is í an nasc is bríomhara idir daoine í. Is súil eile ar an saol gach teanga. Múnlaíonn sí meon aigne an chainteora agus saibhríonn sí ár gcomhoidhreacht dhaonna.

READ MORE

"Sa lá atá inniu ann, is teanga faoi bhrú gach teanga nach bhfuiltear á húsáid go forleathan i ngnóthaí oifigiúla agus sna seirbhísí poiblí agus ní féidir dul i mbannaí ar a bhfuil i ndán di.

"Faoi láthair is eisceacht í seirbhís phoiblí as Gaeilge, sa Ghaeltacht go fiú. Is gá pleanáil teanga agus reachtaíocht chun é seo a leigheas, reachtaíocht a chinnteoidh:

Seirbhísí Gaeilge ó chomhlachtaí poiblí gan cheist sa Ghaeltacht;

Go bhfaighfeadh ball den phobal freagra Gaeilge ar chomhfhreagras Gaeilge chuig comhlacht poiblí;

Go mbeadh comhsheasamh ag an nGaeilge leis an mBéarla ar fhoirmeacha, ar fhógráin, ar fhógraí agus i seirbhísí idirghníomhacha na gcomhlachtaí poiblí."

Dúirt Ní Scolaí go raibh an Bille lochtach agus go raibh géarghá le leasuithe bunúsacha.

Ar an téad céanna, beidh cruinniú úrghnách ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge anocht le himpleachtaí an Bhille a phlé. Dúirt urlabhraí thar ceann na Comhdhála nach raibh "aird chuí tugtha ar ár gcuid moltaí" agus na leasuithe ag dul tríd an Seanad.