Bua bunscoile

REÁCHTÁIL Comhaire an Iúir agus Mhúrn, Co an Dúin, fáiltiú cathartha an tseachtain seo caite le 20 bliain de bhunscolaíocht Ghaeilge…

REÁCHTÁIL Comhaire an Iúir agus Mhúrn, Co an Dúin, fáiltiú cathartha an tseachtain seo caite le 20 bliain de bhunscolaíocht Ghaeilge ar Iúr Cinn Trá a cheiliúradh.

I mí Mheán Fómhair 1989 a bunaíodh Bunscoil an Iúir i dteach Threasa agus Réamainn Uí Chearbhail agus le cuidiú ó oifigeach Gaeilge na comhairle, Maolcholaim Scott.

Tá ionad ar leith ag an scoil ar Iúr Cinn Trá anois agus tá os cionn 300 páiste ag freastal ar scoileanna agus naíscoileanna Gaeilge sa cheantar.

Dúirt méara na comhairle, John Feehan, go dtabharfadh an chomhairle tacaíocht d’fhorbairt na Gaelscolaíochta agus na Gaeilge agus gurbh í an Ghaelscolaíocht an modh ba thábhachtaí le “líon na nGaeilgeoirí a mhéadú sa mheánthréimhse. Tréaslaímid tuismitheoirí na linne a roghnaíonn a gcuid páistí a thógáil trí mheán na Gaeilge agus déanaimid comóradh ar iarrachtaí misniúla an dreama bhig a thug aghaidh ar sholáthar bhunscolaíocht na Gaeilge do pháistí an cheantair.”