Bliain Barack - Obama abú nó Obama amú?

BEOCHEIST: TÁ RUDAÍ ag dul chomh holc sin do Bharack Obama faoi láthair go mbraithfeá nach fada uainn an lá go rithfidh Comhlachas…

BEOCHEIST:TÁ RUDAÍ ag dul chomh holc sin do Bharack Obama faoi láthair go mbraithfeá nach fada uainn an lá go rithfidh Comhlachas Tráchtála Mhuine Gall rún ag séanadh an duine is cáiliúla dá sliocht.

Agus gan ach breis agus bliain tugtha aige sa Tigh Bán tá an chéad uachtarán dubh ar Mheiriceá faoi ionsaí ó gach taobh agus tá a fheartlaoi polaitiúil á scríobh le fonn ag a naimhde seanbhunaithe agus a iarchomrádaithe araon.

Ba mhinic é ráite faoi Obama agus é i mbun feachtasaíochta gurbh é an bua ba mhó a bhí aige ná gur “soitheach folamh” a bhí ann a líonadh le haislingí agus mianta éagsúla na vótóirí.

Faoi láthair tá tráchtairí ar an eite dheis agus an eite chlé ar aon intinn nach bhfuil fágtha sa soitheach ach dríodar an dóchais agus léiríonn na pobalbhreitheanna nach bhfuil ach timpeall leath de phobal Mheiriceá sásta lena n-uachtarán.

READ MORE

Fágann an t-atmaisféar nimhneach seo i sochaí scoilte Mheiriceá gur furasta dearmad a dhéanamh ar an bhfeachtas agus ar an mbua stairiúil a sheol Obama go dtí an Tigh Bán.

B’fhéidir gur leis an stair a bhaineann na deora a sileadh don bhfuascailteoir le linn an fheachtais sin ach b’fhéidir leis gur fiú do lucht a cháinte aithne a chur arís ar an dústrainséir a thug dúshlán na staire.

Ina leabhar nua Race of a Lifetimetá cur síos bíogúil ag John Heilemann agus Mark Halperin ar conas mar a fuair Obama an ceann is fearr ar Hillary Clinton agus John McCain.

Cuirtear tús le Race of a Lifetimele cuntas ar an oíche i 2007 ar thuig Obama i gceart den chéad uair go raibh seans dáiríre aige ar an duais mhór.

“He felt like the dog that caught the bus. What was he to do now?” a scríobhann na húdair.

Ba mhinic ina dhiaidh sin go raibh ar Obama an cheist chéanna a chur air féin agus ní minic nach raibh réiteach na ceiste aige.

Go deimhin is nuair a bhí an crú ar an tairne agus lucht an uile-eolais ar fad ag tuar go raibh a rás gearr rite ba mhó a chruthaigh Obama é féin.

Cuimhnigh ar New Hampshire nuair a shil Hillary Clinton deora agus “d’aimsigh sí a glór”. Níor chaill Obama misneach an uair sin ná níor mheath ar a thuairim go raibh rás fada achrannach amach roimhe.

(Ba phort coitianta ag tráchtairí é le linn an fheachtais go raibh Obama ag imirt fichille fad is a bhí gach éinne eile ag imirt “checkers”.)

Nó cad faoin uair a chuir an chonspóid faoi rámhaille a charad an Reverend Wright an lasair sa bharrach?

Rinne Obama neamhaird den chomhairle a cuireadh air agus thug sé oráid chasta chróga ar cheist an chiníochais.

Nó cad faoin lá ar thit Lehman Brothers? D’fhógair John McCain go raibh stop á chur aige lena fheachtas agus bhailigh sé leis go Washington agus fuadar faoi, ach sheas Obama an fód.

“Ba chóir go mbeadh uachtarán ábalta níos mó ná géarchéim amháin a láimhseáil ag an am céanna,” a dúirt sé i gceann de na ráitis ba chinniúna sa rás.

B’fhéidir gur leis an stair anois a bhaineann na heachtraí sin ar fad agus an scéal drámatúil a insítear i leabhar Heilemann agus Halperin.

Ach b’fhéidir leis go bhfuil ceachtanna ann dóibh siúd atá ag breacadh feartlaoi polaitiúil Obama i láthair na huaire.

I gceann de na díospóireachtaí ba luaithe san fheachtas fada don uachtarántacht rinne Hillary Clinton file caoch dá céile comhraic óg.

I ndiaidh na díospóireachta, dúirt Obama lena chomhairleoir David Axelrod: “You know what? I realize I’m not a great candidate right now, but I’m going to be a great candidate.”

Ní uachtarán iontach é Barack Obama fós ná baol air agus ní tearc na botúin atá déanta aige le bliain anuas.

An gcuimhneofar air lá níos faide anonn mar uachtarán maith nó fiú mar uachtarán den chéad scoth?

Is cinnte go ndéanfar slí dó sna leabhair staire mar gheall ar dhath a chraicinn ach b’fhearr gan beag is fiú a dhéanamh go fóill den “content of his character” ach an oiread.

Ní bhíonn aon leisce ar thráchtairí polaitiúla na linne seo a mbreithiúnas “stairiúil” a roinnt linn agus tá a mbreithiúnas tugtha cheana ag scata acu ar Bharack Obama.

Is ar an “skinny guy with the funny name” a bheadh airgead an chearrbhaigh chliste, áfach.