Bás, beatha, brathadóir agus Tomás Bairéad

IOMRÁ AR Thomás Bairéad (1893-1973) níor chuala mé go dtí gur tháinig an leabhar Tomás Bairéad: rogha scéalta (Cló Iar-Chonnacht…

IOMRÁ AR Thomás Bairéad (1893-1973) níor chuala mé go dtí gur tháinig an leabhar Tomás Bairéad: rogha scéalta(Cló Iar-Chonnacht, €12) tríd an phost chugam.

A bhuíochas ar eagarthóir an leabhair, Aingeal Ní Chualáin, tá mé níos eolaí ar shaol agus ar shaothar an scríbhneora seo as Maigh Cuilinn, Co na Gaillimhe, agus mé an-bhuíoch gur chuir Ní Chualáin an trioblóid uirthi féin eagarthóireacht a dhéanamh ar a chuid gearrscéalta agus iad a chur os comhair ghlúin nua léitheoirí.

Cúig chnuasach atá i gceist lena shaothar, cnuasaigh a foilsíodh idir 1936 agus tús na 1970í, cnuasaigh atá as cló. Is maith, mar sin, go raibh Ní Chualáin toilteanach cloch a chur i gcarn liteartha an Bhairéadaigh.

D’aithneofá láithreach cur chuige Thomáis Bairéad; chuir cuid de na scéalta saothar luath Sheosaimh Mhic Grianna i gcuimhne dom – agus bhraithfeá go raibh fear Chonamara agus an Conallach ina leathbhádóirí cultúrtha.

READ MORE

Is cinnte gurb ionann a gcás ar go leor bealtaí; ghlac siad beirt, ar a ndóigheanna féin, páirt i gCogadh na Saoirse agus chuaigh siad beirt i muinín na hiriseoireachta le cúpla pingin a shaothrú.

B’fhearr mar a d’éirigh le Bairéad sa tslí bheatha sin, ámh, agus é ag plé le mórán nuachtán le linn a shaoil – slí bheatha a ndéanann Ní Chualáin cur síos uirthi ina réamhrá.

Bhainfeadh scéalaíocht fhear Mhaigh Cuilinn preab as an léitheoir. Tá greann áiféiseach Gotach le fáil in Sú an tSeagailnach ndéanfá dearmad air go luath agus bíodh is nach fada ó chur chuige an bhéaloidis atá a stíl – rud a bhí coitianta go leor ag an ghlúin sin – tá splanc sa scéalaíocht.

Thairis sin, tá cumas ann, go ciúin formhothaithe, do chuid fola a reo. Shíl mé féin mar dhuine (aineolach) as iarthar Bhéal Feirste gur focal a bhí in “brathadóir” a bhronn lucht na Gaeilge sa chathair ar ghlúin nua Gaeilgeoirí le linn na dTrioblóidí. Ní amhlaidh é.

Tá scéal ag Bairéad – An Brathadóir – a foilsíodh i gcnuasach amháin dá chuid sa bhliain 1949. Scéal scáfar atá ann agus scéal a chorraíonn an croí go fóill féin. Tá téama an scéil le tuigbheáil as an teideal agus baineann an eachtra le Cogadh na Saoirse.

Brathadóir – meastar – atá le cur chun báis agus faoina lucht aitheantais – daoine áitiúla – atá sé an gníomh gránna a dhéanamh. Ní bhaineann uaisleacht ar bith leis an ócáid, a mhalairt ar fad.

Tagann lucht daortha an bhrathadóra gan d’airm acu ach gunna gan éifeacht. Scaoileann an Blácach, ceannfort an IRA, scaoileann sé an brathadóir ach diúltaíonn an brathadóir bás a fháil. Scaoileann sé arís agus arís eile go dtí go ngéilleann an spiadóir do na piléir. Chuirfeadh an méid sin féin eachtra as na Sopranos nó Goodfellas, abair, i gcuimhne don aos comhaimseartha.

Mar seo a chuireann Bairéad críoch ar a scéal: “Ní go suaimhneach a chodail an Blácach an oíche sin ach an oiread. Séard is mó a bhí dá shíorchuartú: an raibh an Cléireach ciontach? Agus nár scread sé amach ag béal na huaighe nach raibh? … I gceann coicíse bhí na giorriacha óga ag feannadh féir os cionn na huaighe idir na tuláin bhrobh.”

Bhí aithne agam ar fhear amháin a chuir na Sealadaigh chun báis mar bhrathadóir – dar leo féin. D’imrínn liathróid láimhe leis agus le lucht a chlub féin Dé Sathairn in iarthar Bhéal Feirste.

Thug na Sealadaigh anbhás air ach cá bhfios cén “fhianaise” a cuireadh ina leith nó cé a bhí á cur.

Tá cuimhne ag a dhaoine muinteartha air go fóill agus is fada anois giorriacha ag feannadh féir os cionn a uaighe. Is fada fosta ó chuimhnigh mé air – go dtí gur léigh mé an píosa seo le Bairéad.

Insíonn sé sin a scéal féin faoina chumas mar ghearrscéalaí – agus scéal eile ar fad faoi Éirinn.