Atlantis na hEireann

Craolfaidh TG4 clár faisnéise uair an chloig Oirialla - Atlantis na hÉireann seachtain ón Satharn, a scríobhann Pól Ó Muirí…

Craolfaidh TG4 clár faisnéise uair an chloig Oirialla - Atlantis na hÉireann seachtain ón Satharn, a scríobhann Pól Ó Muirí.

Baineann an clár leis an cheantar Oirialla in oir-dheisceart Chúige Uladh, ceantar a raibh clú agus cáil air lá den saol as feabhas a chuid ceoil agus filíochta.

Tá leabhar scríofa ag an amhránaí Pádraigín Ní Uallacháin ar an réigiún; beidh sí féin mar aon le Rónán Ó Snodaigh, Steve Cooney, Laoise Kelly agus Ódhrán Ó Casaide ag cur síos ar oidhreacht bheo na n-amhrán agus an cheoil agus pléifidh Paul Muldoon, file, agus Angela Bourke, údar, cás na scríbhneoireachta in Oirialla.

Lena cois sin, labhróidh Jarlath Burns, iarchaptaen fhoireann peile Ard Mhacha, ar an draíocht a bhaineann leis an cheantar sa lá atá inniu ann.

READ MORE

Craolfaidh TG4 Oirialla - Atlantis na hÉireann Dé Sathairn, 18ú Marta, ag 9.05pm