Ar lorg Plean B

REÁCHTÁIL an grúpa Meitheal Straitéise Taighde agus Tionscnamh cruinniú poiblí i mBaile Átha Cliath Dé hAoine seo caite le cás…

REÁCHTÁIL an grúpa Meitheal Straitéise Taighde agus Tionscnamh cruinniú poiblí i mBaile Átha Cliath Dé hAoine seo caite le cás na teanga a phlé.

Dúirt cathaoirleach an ghrúpa, Breandán Mac Cormaic, go raibh an cruinniú ag cur leis an obair a rinne siad roimhe seo ar cheisteanna teanga.

Ba é an rud ba mhó a bhí ag cur imní ar an ghrúpa nach raibh Plean B ag lucht na Gaeilge, is é sin, plean forbartha teanga sa chás gur theip ar iarrachtaí an Stáit, Plean A.

Dúirt sé gur pléadh an gá go mbeadh straitéis teanga ag lucht na Gaeilge féin, beag beann ar an Stát; gur chóir gluaiseacht shibhialta a bhunú le cás na teanga a chur ar an chlár poiblí agus an ghné pholaitiúil de cheist na teanga.

READ MORE

Mhothaigh lucht an chruinnithe go raibh “galldú” na hÉireann ar siúl, go raibh féiniúlacht Éireannach á cur chun cinn nár bhain leis an Ghaeilge ar chor ar bith.

“Caint lom,” a bhí ann a dúirt Mac Cormaic ach caint nach raibh gan dóchas. Bíodh is go raibh cúrsaí polaitíochta go dona, bhí deiseanna ann ceisteanna a chur. “Tá gach rud á cheistiú ach níl an Ghaeilge sa dioscúrsa poiblí agus caithfidh lucht na Gaeilge í a chur ann,” a dúirt sé.

Bunaíodh coiste beag i ndiaidh an chruinnithe le plépháipéar a shocrú don chéad chruinniú eile a bheidh ar siúl i mí Lúnasa.