Anchás euro

BEOCHEIST: LÉIRIÚ AR an gcéasadh mall eacnamaíoch atá le teacht go ndeachaigh an Taoiseach sa seans le craoladh beo a dhéanamh…

BEOCHEIST:LÉIRIÚ AR an gcéasadh mall eacnamaíoch atá le teacht go ndeachaigh an Taoiseach sa seans le craoladh beo a dhéanamh don náisiún.

Tá mallacht fágtha ag Cathal Ó hEochaidh ar an gcineál seo aithisc de bharr gur úsáideadh ceann a thug seisean chomh minic sin mar ábhar aoir ar feadh na mblianta ina dhiaidh.

Tá Éanna Ó Cionnaith le moladh ar a laghad nár ghéill sé don eagla roimh “quod scripsi scripsi”.

Chuir sé a chulaith státúil air féin, tharraing sé chuige gotha dáiríre cainte an cheannaire agus rinne sé iarracht an pobal a thabhairt leis ar chosán an chruatáin.

READ MORE

Ach an fhadhb a bhí aige sular oscail sé a bhéal ná nach mbíonn daoine cinnte a thuilleadh an ag breathnú ar Thaoiseach nó ar theachtaire a bhíonn siad.

Ró-réidh a thagann na teachtaireachtaí seo ar ais ó mhandairíní na hEorpa gur buachaill maith an ranga is ea Éire de bharr thoil a pobail aisíocaíochtaí a dhéanamh a bheadh ar aon dul le cúiteamh cogaidh. Rómhinic a úsáidtear an leithscéal gur shínigh an rialtas deireanach conradh agus nach bhfuil aon dul as ach seasamh leis anois.

Tá an pobal sásta íobairt an-mhór a dhéanamh agus tá siad réidh caighdeán beatha i bhfad níos lú a bheith acu. Ach leis an gcur is cúiteamh faoi thodhchaí an euro agus an mhoill atá déanta ag an nGearmáin agus ag an bhFrainc ar réiteach fadthéarmach a fháil air tá amhras orthu an fiú an braon.

Tar éis na cáinte atá déanta ag iar-uachtarán an choimisiúin Jacques Delors ar na mandairíní céanna a chaitheann corrfhocal molta chugainne, teastaíonnn ón bpobal a fháil amach gurbh fhiú aon íobairt a dhéanann siad.

Is deacair leo a fheiceáil cá bhfuil ár dtriall taobh istigh den euro mar atá sé anois nó cad a dhéanfaidh muid feasta gan é.

Go simplí, tá an ghéarchéim seo tar éis léargas an-mhaith a thabhairt ar nádúr an Aontais Eorpaigh é féin. Tá an cur i gcéill agus an plámás faoi bhráithreachas na hEorpa agus faoi chothrom na Féinne do gach ball fágtha ar taobh an bhealaigh mhóir.

Fuair pobail éagsúla na mballstát deis a fheiceáil gurb í an Ghearmáin agus an Fhrainc atá ag leagadh amach cúrsaí na hEorpa. Ní gá a rá nach ndéanfaidh ceachtar acu aon rud nach mbeidh chun a leasa féin.

Agus má chreideann éinne gur de thaisme a chuaigh an t-uachtarán Sarkozy amach as a bhealach ina óráid thábhachtach i dToulon chun tagairt a dhéanamh do cháin chorporáideach na hÉireann, tá dul amú orthu.

Tá beach ina bhrístí ag Sarkozy le tamall faoin gcáin chéanna. Agus é ag caint faoin smacht eacnamaíoch níos déine san Eoraip a bheadh mar chuid de réiteach na géarchéime, dúirt sé glan amach nach bhféadfaí cur suas a thuilleadh le hEoraip a thugann cead do bhallstáit áirithe táillí agus cánacha a laghdú chun dul in iomaíocht “mhídhílis” le ballstáit eile.

In ainneoin a raibh le rá ag Eamonn Gilmore faoin ráiteas sin, is léir nach bhfuil aon rún ag an madadh Francach an chnámh áirithe seo a fhágáil ina dhiaidh.

Ach níos gaire don bhaile, ba bhreá leis an bpobal an díograis chéanna chun jabanna a chruthú agus atá ag an Rialtas chun seirbhísí a ghearradh. Agus iad sa bhfreasúra, bhí a lán d’urlabhraithe Fhine Gael agus an Lucht Oibre an-cháinteach faoi straitéis Fhianna Fáil a thabharfadh breis dífhostaíochta agus fiacha níos mó orainn.

Tá scéimeanna arbh fhiú €620m fógartha ag an Aire Bruton agus tá sé ag caint ar 100,000 jab a chruthú thar cúig bliana. Ach mar a deirtear i líne chlúiteach ón scannán Jaws: “I think you’re going to need a bigger boat.”

Má leantar le dúnadh síos comhlachtaí agus siopaí beaga mar atá anois, is ag snámh in aghaidh an easa a bheidh muid.

Sna figiúirí ón bpobalbhreith Red C, tá drochamhras an phobail le léamh go soiléir. D’ardaigh tacaíocht Fhine Gael aon phointe amháin; sin nuair nach mbíonn clár teilifíse nó raidió nach mbíonn urlabhraithe an pháirtí sin le feiceáil air.

Scéal níos measa a thug an phobalbhreith sin don Lucht Oibre; síos dhá phointe go dtí 15 faoin gcéad, ar comh-mhéid le Sinn Féin.

Ach an rud is spéisiúla ar fad sa suirbhé sin ná an t-ardú 4 faoin gcéad ar thacaíocht Fhianna Fáil. Sea, tá an páirtí a chac ar na huibheacha ag teacht ar ais ó bhruach na huaighe.

Beidh a léamh féin ag gach duine air sin. B’fhéidir nach bhfuil ann ach taom aisteach a tháinig ar roinnt daoine a ceistíodh. Ach is léir go bhfuil rud éigin ag borradh sa bhféar fada.

An amhlaidh go bhfuil an pobal ag aithint nach bhfuil leithead tráithnín idir polasaí an Rialtais seo agus an ceann a bhí ag an rialtas a d’imigh?