An tIarthar dramatuil

Léireoidh Taibhdhearc na Gaillimhe dhá dhráma atá ar shiollabas na hArdteiste, An Lasair Choille le Cailtín Maude agus Michael…

Léireoidh Taibhdhearc na Gaillimhe dhá dhráma atá ar shiollabas na hArdteiste, An Lasair Choille le Cailtín Maude agus Michael Hartnett agus Amuigh Liom Féin le Dara Ó Conaola an tseachtain seo chugainn.

Cuirfear tús leo oíche Luain ag 8 p.m. agus leanfaidh siad ar aghaidh go dtí oíche Shathairn. Gach léiriú ag 8 p.m.

Saoirse phearsanta an duine agus tionchar na himirce is ábhar do An Lasair Choille, an streachailt idir mian an duine óig agus na srianta a chuireann mianta seanfhir orthu. Turas draíochtúil a ghealltar in Amuigh Liom Féin, scéaldráma.

Is é Marc Mac Lochlainn, iar-mhúinteoir le Coláiste na Coiribe, a bheidh ag stiúradh na ndrámaí agus beidh Darach Ó Dubháin agus Peadar Ó Treasaigh ó Ros na Rún; Máire Áine Ní Chuaig ó RnaG agus aisteoir áitiúil eile, Brian Ó Carra, sna príomhpháirteanna.

READ MORE

Deir lucht na hamharclainne gur deis atá sna drámaí do dhaltaí (agus do mhúinteoirí) éalú ón seomra ranga agus eolas a chur ar an dá théacs seo beo ar stáitse. Tá rátaí speisialta ar fáil do ghrúpaí scoile. Eolas: 091-563600.

  • Tá Cumann Gaelach na hEaglaise agus Pobal an Aifrinn ag eagrú seirbhís idir-Eaglasta paidreoireachta agus ceoil i nGaeilge, "Is mise Foinse na Beatha", in Ardteampall Chríost, Baile Átha Cliath, seachtain ón Aoine ag 8 p.m. Is mar chuid de Sheachtain na hAontachta Críostaí an ócáid agus is é an tAthair Alan Mac Eochagáin, SJ, seanmóirí na hoíche. Eolas: 087-244 270.