An rod sin a bhi lena mhian

Beocheist: Smaointe ag dul le sruth

Beocheist: Smaointe ag dul le sruth. Zoe Conway veidhleadóir ag seinm An Clár Bog Déil ar an raidió tráthnóna Dhomhnaigh. Tugaim faoi deara go bhfuil cosúlachtaí idir é agus Ár nAthair Uí Riada.

An oíche roimhe sin, murach go ndeachaigh mé amach ag dráma bheinn sa bhaile ag tabhairt faoi deara arís an chosúlacht in áiteanna idir amhrán John Denvir Perhaps Love agus Every Song is a Cry for Love le Brian Kennedy. Ní hé an Comórtas Amhránaíochta Eurofíse ba chúis dom dul amach an oíche sin, áfach, bainim sult éigin as an gcomórtas céanna, ach ba é The Da Vinci Code an chúis go ndeachaigh mé ag an amharclann seachas ag an bpictiúrlann.

Mar leigheas ar an gcathú a bhí orm dul ag breathnú ar an scannán seo bheartaigh mé dul sa seans le rud a bheadh, mar a deir na Pythons, éagsúil amach is amach. Bhí eireaball agallaimh ar Rattlebag cloiste agam ina raibh an scríbhneoir agus aisteoir Little John Nee ag caint ar cé mar a théann Seosamh Mac Grianna, a chaith blianta deireanacha a shaoil in Ospidéal Naomh Conall, Leitir Ceanainn, i bhfeidhm ar charachtar ina dhráma nua The Mental, atá suite san ospidéal meabharghalair céanna blianta tar éis do Mhac Grianna bheith ann.

Nuair a luaigh Myles Dungan go raibh Mo Bhealach Féin (1940) i measc dírbheathaisnéisí eile ar nós Dialann Deoraí agus Rotha Mór an tSaoil, dúirt Little John Nee gur shíl sé Mo Bhealach Féin bheith difriúil, gurbh é a bhí in Mac Grianna Jack Kerouac na Gaeilge.

READ MORE

D'fhéadfaí comparáidí éagsúla a dhéanamh ach is é an moladh céanna a bheadh i gceist. D'fheicfinn féin cosúlachtaí idir é agus The Swing of Things (2004) le Sean O'Reilly, cur síos ar shaol neamhshocair Ultach eile i mBaile Átha Cliath, cúpla glúin ina dhiaidh.

San Axis i mBaile Muna a bhí The Mental ar siúl. Ar mo bhealach ann ritheann saothair eile liom a dhéanann tagairt do dheacrachtaí intinne, The Catcher in the Rye (1951) le JD Salinger agus The Bell Jar (1963) le Sylvia Plath, a bhfuil mealltacht faoi leith ag baint leo seo toisc gur i nguth ógánaigh Mheiriceánacha a instear iad, agus níos gaire don mbaile, an dráma Fear an Tae (1995) le Liam Ó Muirthile.

Ó thaobh na haisteoireachta de, seó aonair nó sraith monalóga ag Little John Nee is ea The Mental: "I know well where I am. Under no illusion ... It was a long road that got me here."

Ach tá páirt mhór ann freisin ag beirt cheoltóir Laura Sheeran agus Nuala Ní Chanainn a chum an ceol a sheineann siad ar réimse leathan uirlisí, i réimse leathan stíleanna, ón sean-nós go punk, mar thionlacan le gach radharc sa dráma. Chomh maith le trí amhrán le Nee féin, cuirtear ceol freisin le Jericho le Cathal Ó Searcaigh.

Cuimhníonn an príomhcharachtar ar a óige: "What's them high walls for daddy? To keep your mammy's family off the streets." The mystery of it all filled my imagination." Taispeántas talmhaíochta i ngarraí an ospidéil a dtugtaí chuige é nuair a bhí sé beag.

Luath go leor cuireann sé Mac Grianna in aithne dúinn: "Joe Green used to sit there day in day out. Well Seosamh, cad é mar atá tú? First time I met Seosamh ... we were up to tell my uncle Patrick that my mother died in England. Seosamh Mac Grianna from Rannafast came here in 1959. He'd exhausted all other possibilities." Ar nós an cheangail a dhéanann Dante idir é fein agus Virgil sa Choiméide Diaga, ceangal an ealaíontóra a dhéanann an príomhcharachtar idir é féin agus Mac Grianna.

I gcomhthéacs an dráma tá greann sa chur síos seanchaite ar fhoghlaim na Gaeilge: "I remember reading him at school ... I remember not reading him: I had bigger fish to be frying. I had no interest in the Irish language. I forgot the wee bit I learnt within a week of leaving school. The only time I used it subsequently was in New York bars in clandestine conversations pertaining primarily to the purchase of illicit substances."

Deir sé ansin go bhfuil sé ag foghlaim na teanga le go mbeidh sé in ann an méid a scríobh Mac Grianna a léamh dó féin: "Is óg i mo shaol a chonaic mé uaim é, an ród sin a bhí le mo mhian." Bhí macántacht agus daonnacht ar leith sa chur i láthair, greann agus gruaim fite go maith le chéile.

Mar chuid d'Fhéile Out of the Silence a léireofar The Mental in An Grianán, Leitir Ceanainn, Co Dhún na nGall, gach tráthnóna ag 8pm, ón lá amárach go dtí oíche Dhomhnaigh. Eolas: 074-9120777