Amhrain ar son na hAfraice

Beocheist: In alt sa pháipéar seo ó chianaibh dhearbhaigh Bob Geldof, popcheoltóir, go raibh sé bréan den leasainm "Mr Africa…

Beocheist: In alt sa pháipéar seo ó chianaibh dhearbhaigh Bob Geldof, popcheoltóir, go raibh sé bréan den leasainm "Mr Africa" nó "Mr Bloody Africa" mar a dúirt sé féin.

Ceapann Geldof anois gur rud "profoundly boring" é cuairt a thabhairt ar an Afraic.

Dúirt sé leis go mbíonn sé chomh borb le cinnirí na hAfraice agus a bhíonn sé leis an dream seo againne. Ach tuigeann sé cad a tharlódh dá ndéarfadh sé "F... off", mar sin bíonn sé níos foighní agus é san Afraic.

Ceapaimse go bhfuil masla is sotal nach beag ag baint le caint Geldof. Ceapaim leis gur dána an mhaise d'Éireannach bán bheith ag iarraidh mór-roinn ilghnéitheach an chine ghoirm a chur ar bhealach a leasa. Ní fheicim aon umhlaíocht ag baint le caint Geldof agus, i gcás na hAfraice, tá géarghá le humhlaíocht ó dheontóirí agus ó lucht cabhrach. Tar éis an tsaoil, seans an-mhaith nach againne atá an saineolas cuimsitheach is an fhíorthuiscint.

READ MORE

Insítear scéal apacrafúil. Bhronn gníomhaireacht áirithe daimh threafa ar shráidbhaile i dtír bheag san Afraic. Cad a dhein pobal na háite ach na beithígh a mharú agus an fheoil a roinnt go cothrom idir gach éinne. Níor mhian leo go mbeadh na daimh ag cuid den bpobal agus acusan amháin ar bhealach a chothódh easpa comhionannais. An raibh an ceart acu? N'fheadar ach ar a laghad tá sé de dhualgas orainn iarracht a dhéanamh cás agus meon an duine eile a thuiscint agus aithne a chur ar stair agus ar shochaí a thíre.

In alt san irisleabhar Studies díreach deich mbliana ó shin dúirt Mick McCarthy, léiritheoir le RTÉ a bhfuil cur amach leathan domhain aige ar shaol na hAfraice, nach raibh ach dhá phictiúr ag an ngnáth-Éireannach den Afraic. Ar thaobh amháin "butchered bodies, crowded camps" agus ar an taobh eile sruth cláracha teilifíse faoi ainmhithe fiáine. Ar athraigh aon rud ó shin i leith? Go deimhin craoltar cláir theilifíse faoi thurasanna an wildebeest ag lorg páirceanna glasa chomh minic sin gur scríobh McCarthy "the animals should have Equity cards tagged to their ears".

Gan dabht, tá gorta agus cogadh san Afraic ach tá mórán gnéithe eile ann nach mór eolas a chur orthu ionas go mbeidh dearcadh cruinn againn ar an roinn sin, idir stair, thraidisiún ársa, cheol, litríocht, scannánaíocht, dhrámaíocht agus rince, gan trácht in aon chor ar na heagraíochtaí neamhrialtasacha (NGO) dúchasacha atá ag troid ar son an duine atá thíos agus ar son an chirt.

Deir Geldof go bhfuil sé féin agus Bono ábalta léargas glinn a thabhairt ar an mbochtanas, "the great wound of the 21st century". Umhal? Ní dóigh liom é. Is do dhaoine atá umhal a thugaimse ómós is éisteacht. Ceisteanna eile. Conas a bhíonn an oiread sin tionchair ag Bono is Bob? Nó an bhfuil tionchar acu? An é nach bhfuil acu ach próifíl ard? Ní gá gurb ionann sofheictheacht agus tábhacht.

Conas is féidir leis an mbeirt gabháil chun cainte chomh réidh sin le cinnirí móra an domhain? Cad a cheapann eagraíochtaí neamhrialtasacha faoi obair na beirte? Níl sé tábhachtach go gcasfadh cinnirí an domhain ar Bhono is Bob. Tá sé riachtanach go gcuirfidís aithne phearsanta ar na daoine go bhfuil an bheirt ag labhairt ar a son - an dtarlaíonn sé sin?

Dar le John F. Schumaker, síceolaí, "the inbreeding of politics with showbiz is diluting, distorting and fictionalising the political agenda". Is oth leis go bhfuil sé geall le bheith dodhéanta aghaidh a thabhairt ar mhórcheisteanna na linne gan "photo ops" agus tacaíocht ó na réalta móra.

Roimh Nollaig chun Band Aid, mór-éacht Geldof scór bliain ó shin, a chomóradh, eisíodh Band Aid 20: Do They Know It's Christmas? Cháin an World Development Movement (WDM) focail an amhráin toisc iad bheith mórluachach, bréagach agus as dáta.

Dar le Mark Curtis, stiúrthóir WDM, scaip focail an amhráin an miotas gur tíreolas is aeráid amháin is cúis le fadhbanna na hAfraice. Meabhraíonn Curtis leis nach bhfuil muintir na hAfraice ciúin fulangach ach a mhalairt. Táid feargach, lorgaíonn siad córas trádála atá cothrom, eagraíonn siad feachtais chun fiacha a chealú, éilíonn siad go láidir go mbeadh na mórchomhlachtaí idirnáisiúnta ordaithe de réir rialach atá cóir.

Dar le Mark Curtis, má chuireann an chosmhuintir brú ar rialtais, beidh an lá leis na boicht. Muna dtarlaíonn amhlaidh, sa bhliain 2024 beidh orainn 'Band Aid 40' a fhulaingt!