Ag ceiliúradh na héagsúlachta nádúrtha

BEOCHEIST: TÁ NA Náisiúin Aontaithe ag ceiliúradh i mbliana. An rud is annamh is iontach

BEOCHEIST:TÁ NA Náisiúin Aontaithe ag ceiliúradh i mbliana. An rud is annamh is iontach. Seo Bliain Idirnáisiúnta na Bithéagsúlachta agus táthar ag déanamh ceiliúradh speisialta ar shaibhreas is ar áilleacht dochreidte na bithéagsúlachta.

Bithéagsúlacht an téarma a úsáidtear le cur síos ar gach gné den domhan beo agus ar ilghneitheacht na speiceas atá le fáil ar fud na cruinne. Freisin is cuid den mbithéagsúlacht saibhreas na dtírdhreach nádúrtha atá scaipthe ar fud an domhain.

Gan phailniú ó na beacha ní bheadh fómhar ná barraí againn, gan luibheanna éagsúla ní bheadh leigheasanna ná cógas againn. Meastar go bhfuil thart ar 14 milliún de shaghasanna éagsúla speiceas ann ach ceapann saineolaithe áirithe go bhfuil suas le 100 milliún speiceas ann. In Éirinn tá breis is 400 cineál éin againn, 815 cineál plandaí, 80 raithneach dúchasach, 700 cineál caonaigh, 3,500 fungus, 1000 léicean, 1,400 algae, 32 mamach talún ina measc na sciathán leathair. Tá na mílte inveirteabrach againn, tá deilfeanna, rónta is míolta móra againn agus sna locha is aibhneacha tá suas le 30 cineál éisc.

Níos luaithe i mbliana mhol Seansailéir na Gearmáine, Angela Merkel, go mbunófaí foras nua ionas go raghadh an bhithéagsúlacht, an eolaíocht agus an pholaitíocht i lánpháirtíocht lena chéile. Dar le Merkel tá sé ríthábhachtach argóintí atá fíor agus beacht a bhailiú agus a chraobhscaoileadh ionas go dtuigfeadh daoine cé chomh tábhachtach is atá sé an nádúr a chosaint is a chaomhnú. Admháil b’fhéidir go bhfuil ag teip orainn go dtí seo. Admháil go bhfuil ag teip ar fhorais bhithéagsúlachta idirnáisiúnta is náisiúnta na spriocanna a chuireadar rompu a bhaint amach?

READ MORE

Rud a dheineann mórbhagairt ar an mbithéagsúlacht ná caillteanas gnáthóg. Tá bagairt eile ann ó na speicis ionracha ionsaitheacha, dhá shampla, an ródaideandrón iasachta a mheallann sinn ag tús an tsamhraidh agus na peataí a scaoiltear saor nuair éiríonn úinéirí bréan díobh – féach na sclamhairí nó “snappers” in abhainn an Dothra i mBaile Átha Cliath. Dar ndóigh, is uafásach an damáiste a dheineann an truailliú don timpeallacht, é sin agus ró-úsáid a bhaint as ár n-acmhainní nádúrtha.

Seans maith gurb í rófhorbairt na talún an phríomhbhagairt ar an mbithéagsúlacht. Rómhinic ní fhágann tionscal na tógála, idir tithe, bóithre is monarchana, ina dhiaidh ach píosaí beaga de na bunghnáthóga, píosaí a bhíonn róchúng agus rótheoranta le mórán speiceas a chothú. Cailleadh nó scriosadh na bogaigh i Louisiana roimh theacht Katrina sa tslí nach raibh maolán fágtha a sheasfadh i gcoinnibh tuilte na spéirlinge. Fiú roimh chrith talún an uafáis bhí drochchaoi ar Haiti (ní hamhlaidh dá chomharsa, an Phoblacht Dhoiminiceach) – bhí caillteanas bithéagsúlachta i Haiti chomh maith le dífhoraoisiú, ganntanas uisce agus creimeadh na hithreach. Neithe iad san a bhí bainteach le monashaothrú tionscal an tsiúcra agus chuireadar go mór le leochaileacht na ndaoine. Dar ndóigh, ní gá dúinne dearmad a dhéanamh ar ár dtuilte féin, tuilte a chuir os ár gcomhair an bainistiú lochtach ar aibhneacha is locha agus an maoschlár atá faoi bhrú iomarcach ag forbairt mhífhreagrach gan smaoineamh.

I mí Lúnasa beidh comhdháil bhliantúil an Ionaid Náisiúnta le Sonraí Bithéagsúlachta (biodiversityireland.ie) atá lonnaithe i bPort Láirge, ag díriú isteach ar cheist na bithéagsúlachta. I rith na bliana beidh an t-ionad agus dreamanna eile atá ag plé le cúrsaí nádúir ag eagrú ceardlann d’fhonn daoine a spreagadh le heolas a chnuasach faoin mbithéagsúlacht agus le teacht ar thuiscint cheart go bhfuil gach duine, ainmhí is planda ina chuid den éiceachóras céanna agus go bhfuil ceangal an-speisialta eadrainn ar fad.

Dream eile a dheineann a chion chun eolas a scaipeadh ná Foras na Mara (marine.ie). Tá léirscáileanna iontacha acu ar a dtugtar The Real Map of Ireland. Léiriú ar ghrinneall na farraige, 220 milliún acra ar fad, scairbh ilchríochach, acmhainn luachmhar nádúrtha agus is linne í. Tá comhairle is nótaí múinteoireachta curtha le chéile ag an bhforas do mhúinteoirí tíreolais.

Áis mhúinteoireachta den scoth. Ag cloí le cúrsaí mara go fóillín, sna háiteanna dorcha go domhain faoi dhromchla na farraige tá saibhreas mór nach dtuigimid go hiomlán fós. Tá coiréil luachmhara ann chomh maith le cumhacht gheoiteirmeach, acmhainní luachmhara ach mianadóireacht stuama a dhéanamh orthu ar son mhuintir na tíre seo.