Ag amharc siar

Beocheist: Ní raibh saoire thar lear agam i 2002 ná i 2003 ach an oiread

Beocheist: Ní raibh saoire thar lear agam i 2002 ná i 2003 ach an oiread. An duine faoi mhíbhuntáiste mé toisc gur duine mé gan dath na gréine?

Ná bac san. Nach raibh saoire fíor-álainn agam ar Oileán Chléire ag tús an tsamhraidh sarar phlódaigh na cuairteoirí isteach. D'fhilleas ar Bhaile Átha Cliath faoi ualach uaignis, mé fós i ngrá, tar éis dhá scór bliain, leis an áit is áille ar domhan. Ba mhó fós mo mheas is mo chion ar mhuintir an oileáin de bharr mo chuairte sin.

Ag an tráth seo bliana is minic mé ag smaoineamh orthu, oileánaigh. Ní féidir liom gan bheith ag smaoineamh de shíor ar an dá Phádraig ach go háirithe, duine acu go dona tinn, an duine eile ag saothrú na síochána le harm na hÉireann sa Libéir.

Airm eile a bhí ag déanamh tinnis dom ag tús na bliana. Tá an dearg-ghráin agam do mheon na ndaoine a chinn ar ionradh a dhéanamh ar an Iaráic. Tá gráin agam do mheon na ndaoine abhus in Éirinn a thacaigh leis an ionradh agus a thug cead do na hionraitheoirí aerfort na Sionainne a úsáid. Ná tagadh siad chugamsa ag lorg vótaí i 2004.

READ MORE

Lá na máirseála móire, 15ú Feabhra, bhíos i láthair ag seirbhís éacúiméineach i séipéal na bPreispitéireach i gCearnóg Pharnell san ardchathair. Chan Liam Lawton an t-iomann álainn a scríobh John Bell, "If the war goes on". Samhlaíodh dom go raibh sé ag iarraidh doirse neimhe a réabadh chun teacht i láthair Dé. Thuigeas den chéad uair riamh cén fáth go síneann daoine nach féidir smaoineamh ar aon seift eile, iad féin ar an talamh chun impí ar Dhia éisteacht leo. Ach is cosúil go raibh Dia bodhar maraon lenár gceannairí polaitiúla.

Ach má tá an domhan mór ina chíor thuathail, nach aisteach na rudaí maithe a thagann chun cuimhne? An caidreamh a bhí againn le lúthchleasaithe ón Mhaláiv san Afraic le linn na nOilimpeacha Speisialta.

Deasún, mo dhlúthchara le beagnach 40 bliain, ag obair san Ind leosan atá beo bocht, ag faire leo agus iad ag saothrú an bháis, ag seoladh litreacha ríomhphoist anoir chugainn ag cur síos ar an misneach is an sólás spioradálta a thugann na truáin sin dó.

I rith na bliana níor bhuaileas le fiú duine amháin a bhí drochbhéasach agus iad ag freastal orm i siopaí is in oifigí éagsúla. Dar liom, tá ardmholadh tuillte ag na hoibrithe sin. Ní bhíonn mórán foighne agam le lucht a gcáinte. N'fheadar an bhfaigheann duine an rud a mbíonn súil aige leis?

Ós ag caint ar shiopaí mé, is cuimhin liom an péire pionta a bhí agam i dtábhairne teolaí in Aonach Urmhumhan. Dhá theilifíseán ann, sacar ar cheann acu, rugbaí ar an gceann eile. Na fallaí clúdaithe le pictiúir de laochra iomána an chontae. I bpictiúr amháin Dan Breen ag caitheamh na liathróide isteach ag cluiche ceannais na hÉireann uair éigin sna 1930í. Cé acu a léiríonn an tábhairne breá seo, mealltach nó scitsifréine na hÉireann?

Thosnaíos i mbliana ag bogadh amach i measc an Lucht Siúil arís, is maith liom iad mar dhaoine. Ghoill sé orm cé chomh himeallach is a bhí siad, sáite isteach i gcúinní as radharc an phobail mhóir. Ghoill sé orm fabhtanna tógála sna hionaid staid a fheiscint gan leigheas.

Ach ag clabhsúr na bliana chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm bualadh le daoine as cumann do thionóntaithe a bhí ag tabhairt tacaíocht láidir dearfach d'ionad staid nua. Mo ghreidhn sibh.

Seo an saghas gníomhaíochta a mholann an leabhar, Windows on Social Spirituality. An leabhar sin agus The Meaning is in the Shadows le Peter McVerry, rogha na bliana domsa. Ná léigh iad muna bhfuilir réidh le ceangal a dhéanamh idir Comaoineach arán naofa an tséipéil is comaoineach na dlúthpháirtíochta thíos i measc na ndaoine.

Ar dheineas puinn difríochta do aon rud i rith na bliana? Bhuel, d'iarras ar an ollmhargadh áitiúil tae "Fair Trade" a chur ar na seilfeanna. Dheineadar amhlaidh.

Ag druidim le deireadh na bliana thugas cuairt ar Bhéal Feirste. Labhraíomar an-chuid Gaeilge ann le cathróirí cairdiúla. Chualas duine a rá gur ionann an DUP agus Sinn Féin: "Táid araon go maith le tigh a fháil do dhuine!" Mhothaíos creathán eagla ag rith trí chnámha na bpolaiteoirí ó dheas!

Nuair a chonaiceas na mílte is na mílte réalt sa spéir i gCarn na Boirinne, rith na línte liom a deir go bhfuil: "fiacal an tseaca sa ghaoth ón gcnoc is luífidh mac Dé sa tigh seo anocht."

Ach nach cuma faoi Dhia? Cá luífidh daoine gan tithe sa tír seo? Agus Saddam Hussein gafa, an dtiocfaidh an tsíocháin chugainn? An mbeidh daoine ábalta rince sa tír inar rugadh Íosa agus i mórán áiteanna eile atá suaite cráite? Guímis.