Acht Idirlin

Lá torthúil ó thaobh stádas na Gaeilge de a bhí ann Dé Céadaoin seo caite, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Lá torthúil ó thaobh stádas na Gaeilge de a bhí ann Dé Céadaoin seo caite, a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide.

Tráthnóna an lae chéanna agus a sheol an tAire Éamon Ó Cuív Plean Gnímh d'Acht na dTeangacha Oifigiúla, seoladh suíomh Idirlín na nAchtanna Dátheangacha - www.achtanna.ie. Agus dualgas reachtúil anois ar ranna Rialtais agus ar chomhlachtaí poiblí comhfhreagras agus fógraí oifigiúla a chur amach sa dá theanga oifigiúla is mór an áis dóibh Achtanna an Oireachtais ó 1922 i leith bheith ar fáil ar an suíomh seo i nGaeilge agus i mBéarla.

Mar a mhínigh príomheagarthóir Rannóg an Aistriúcháin, Gearóid Ó Casaide, agus an suíomh á thaispeáint aige don slua a bhí i láthair, tá an leagan Gaeilge agus an leagan Béarla de gach Acht nasctha le chéile ionas gur féidir dul ó alt áirithe i dteanga amháin go dtí an t-alt céanna den Acht céanna sa teanga eile.

Ina theannta sin is féidir cuardach a dhéanamh ar fhocail agus ar abairtí laistigh dá leagan ar leithligh, is é sin focail Ghaeilge a chuardach sa bhunachar sonraí Gaeilge agus focail Bhéarla a chuardach sa bhunachar sonraí Béarla.

READ MORE

Agus ní amháin go mbeidh aistritheoirí agus lucht dréachta cáispéisí oifigiúla in ann leas a bhaint as an suíomh chun a chinntiú gurb iad na focail agus na téarmaí céanna a bheidh in úsáid ó cháipéis go cáipéis ach táthar ag súil go mbeidh sé ina áis aistriúcháin ag aistritheoirí agus go mbeifear in ann leas a bhaint as fosta mar fhoclóir Gaeilge/Béarla-Béarla/Gaeilge.

Mar shampla, duirt sé go bhfeadfaí a fháil amach ón suíomh gurb é "cnádán" an Ghaeilge atá ar "natterjack toad".

Thosaigh an obair ar an suíomh dhá bhliain ó shin agus is é an chuideachta Éireannach, Propylon, a d'fhorbair é i ndlúthchomhar leis an rannóg.

Thug Máire Ní Ainifín, an tAire Stáit i Roinn an Taoisigh, ardmholadh d'fhoireann na rannóige as an obair atá déanta acu thar na blianta ag aistriú Achtanna an Oireachtais.

Chuir Ceann Comhairle Dháil Éireann, an Dr. Ruairí Ó hAnluain agus Cathaoirleach Sheanad Éireann, An Seanadóir Ruaidhrí Ó Cadhlaigh, fáilte roimh na haíonna. Ar na polaiteoirí eile a bhí i láthair bhí Trevor Sargent, an Comhaontas Glas agus Aengus Ó Snodaigh, Sinn Féin.