Acht eile

Tá an scátheagras Pobal ag reáchtáil tionól lae do lucht na Gaeilge le cás Acht Teanga do Thuaisceart Éireann a phlé. Beidh…

Tá an scátheagras Pobal ag reáchtáil tionól lae do lucht na Gaeilge le cás Acht Teanga do Thuaisceart Éireann a phlé. Beidh an cruinniú ar siúl in Óstán an Wellington Park, Béal Feirste, inniu go dtí 4 p.m.

Dúirt príomhfheidhmeannach an eagrais, Janet Muller, gur loighciúil an chéim í acht teanga don Tuaisceart bheith ann. Mhíneodh a leithéid de reachtaíocht cearta lucht na Gaeilge agus freagrachtaí foras poiblí.

Beidh cainteanna agus ceardlanna ar siúl inniu agus is é príomhchuspóir na hócáide grúpa oibre a bhunú agus dréacht-acht a ullmhú le cás na reachtaíochta a chur chun cinn.