A run scaoilte ag an Uasal 'Consensus'

In agallamh roimh an tseisiún (smaointeoireachta) a bhí ag Fianna Fáil le déanaí, nocht an Taoiseach don domhan mór go raibh …

In agallamh roimh an tseisiún (smaointeoireachta) a bhí ag Fianna Fáil le déanaí, nocht an Taoiseach don domhan mór go raibh tionchar nach beag ag Robert Putnam air, údar an leabhair Bowling Alone.

"Ginias suaithinseach" a thug an Taoiseach ar Putnam, ráiteas a chuirfeadh ionadh orthu siúd a chreid gur duine é ár dTaoiseach nár chuir mórán ama amú ar theoiricí casta socheolaíochta nó gur duine é a mheas go n-oireann an focal "ginias" níos fearr do Wayne Rooney óg ná mar a d'oirfeadh sé do chéimí ó Harvard.

Go deimhin, dúirt Putnam nach "sáródh ach Clinton fhéin" Bertie ó thaobh suim sa "social capital" de. Anois, ní dúirt sé cé a thiocfadh sa tríú háit ná cad é go díreach a dhein Bill Clinton lena chruthú go raibh beagáinín níos mó dúile aige san ábhar ná mar a bhí ag Bertie, ach is léir nach aon dóithín é an Taoiseach nuair is suim sa "social capital" atá i gceist.

Dála Roy Keane nuair a fuaireamar amach go raibh Bob Dylan ar dhuine dá chuid laochra, caithfimid breithiúnas a thabhairt in athuair ar Bhertie. Bhí a fhios ag cách nárbh é an smaointeoireacht intleachtúil an cíoná ag Bertie s'againne agus déarfaidh daoine gurb é drochstaid a pháirtí i láthair na huaire is cúis leis an mbá atá léirithe aige le saol na hintleachta.

READ MORE

Fuadar gan fónamh agus tuilleadh lúbaireachta, a dhéarfadh an té ciniciúil, ach cá bhfios anois ach go ngiorraíonn Bertie agus Dermot Ahern an spéirbhóthar ag aithris filíochta Dante nó ag déanamh mionphlé ar Kierkegaard?

Iad faoi cheo Gitane i scairdeitleán an Rialtais, míle míle ón nanny-state agus cúramaí leamha an lae, ag argóint faoin eiseachas agus an méid a d'fhéadfadh sé múineadh dúinn faoi iompar Chonor Lenihan.

Cheapamar ar fad go mba plé fuarchúiseach ar theorainneacha thoghcheantair a bhíodh ar bun ag mafia Dhroim Conrach cois cuntair i Fagans, ach i bhfianaise an eolais nua seo, d'fhéadfadh gur ag clabaireacht faoi The Open Society and its Enemies le Karl Popper a bhí siad.

Níos suimiúla fós, seans, dúirt Bertie go mbíonn sé i dteagmháil le Putnam go rialta, agus bíonn siad beirt, is cosúil, ag caitheamh tharstu faoin bhforbairt is déanaí ar fhealsúnachtaí éagsúla idirnáisiúnta ar an "gcomhtháthú sóisialta".

Cé hiad na daoine eile a mbíonn sé i dteagmháil leo go rialta? Nuair a bhíonn sé suite ansin i bPáirc an Chrócaigh ag féachaint ar Chiarán Whelan ag tabhairt a chosa anairde ar ruathar aonair cad a bhíonn ag cur as don Taoiseach, dáiríre?

Go ndein sé dearúd glaoch ar Bhobby Putnam le labhairt leis faoi ról na dea-shaoránachta sa daonlathas? Agus nuair a bhíonn sé ag póirseáil timpeall an tí maidin Shathairn ag tabhairt aire dá chiseáin bláthanna, an mbíonn air éirí as an gcúram le glacadh le glaoch ó Noam Chomsky atá ag iarraidh air súil a chaitheamh ar phrofaí a chéad leabhair eile?

Agus n'fheadar an mar a chéile acu ar fad é? An bhfuil rúin ag polaiteoirí eile mar a bhí ag Bertie, a bhí ag ligean air fhéin nach raibh ann ach, an tUasal Consensus, prionsa na bpragmatach, rí an aonaigh pholaitiúil?

Cé hiad na daoine a mbíonn, mar shampla, an tAire Dlí agus Cirt, Michael McDowell i dteagmháil leo go rialta? Cé aige a bhfuil an oiread sin measa ag McDowell air (seachas é fhéin, ar ndóigh) is atá ag Bertie ar Phutnam agus ag Putnam ar Bhertie? D'fhéadfainn buille faoi thuairim a thabhairt ach ba cheart go mbeadh eolas mar sin ar fáil go poiblí.

Is beag duine a d'fhéadfadh easaontú le formhór d'fhís Putnam agus Bertie, ach an bhfuil svengali smaointeoireachta ag an gcuid eile acu? Cé a chuireann an 'D' i 'Defence' do Willie O'Dea, mar shampla, nó cé air a bhraitheann Mary Coughlan nó Dick Roche nó Mary Harney dá dtreoir intleactúil?

Duine ar bith, seans, ach ba cheart go mbeadh an t-eolas ar fad againn. D'fhéadfaidís bheith ag éisteacht le héinne.

Peann ar phár

Feicim go bhfuil ceardlann dírithe ar an iriseoireacht Ghaeilge chlóite á reáchtáil ar an Ómaigh roimh dheireadh na míosa. Is maith ann a leithéid, ach is trua gur fágtha faoi cheardlann mar seo a bheadh sé oiliúint a chur ar dhaoine sa cheird seo.

Le suim blianta anuas, tá méadú mór tagtha ar líon na ndeiseanna oideachais do dhaoine ar suim leo dul leis na meáin Ghaeilge.

Faraor, is dírithe ar scileanna don raidió agus don teilifís atá an chuid is mó de na cúrsaí sin agus má thagraíonn siad in aon chor don iriseoireacht chlóite is tagairt do scéal fánach atá i gceist.

Is furasta an méid sin a thuiscint óir is sa raidió agus sa teilifís go háirithe atá na deiseanna fostaíochta is mó. Níl ach fíorbheagán daoine ag plé leis an iriseoireacht chlóite sa Ghaeilge mar shlí bheatha lánaimseartha agus ní féidir le nuachtán Gaeilge dul in iomaíocht ach an oiread le tuarastal na teilifíse ná an raidió.

Bíodh sin mar atá, ba cheart go gcaithfeadh na cúrsaí tríú leibhéal níos mó ama leis an iriseoireacht chlóite. Beatha teanga í a labhairt agus í a scríobh agus táim cinnte go bhfuil daoine óga ann a bhfuil spéis ar leith acu sa scríbhneoireacht agus a bhfuil an mianach iontu ach scileanna riachtanacha na hiriseoireachta clóite a fhorbairt. Ní fhéadfadh go bhfuil gach ceann de na scoláirí óga seo meáite bheith ar an raidió nó ar an teilifís.

Is féidir leis na nuachtáin Ghaeilge féin cuid den obair oiliúna sin a dhéanamh agus tá éirithe go maith leo go dtí seo tallainn nua a thabhairt chun solais.

Ach ní féidir leo an ualach ar fad a iompar. Scileanna teanga agus scileanna teanga na hiriseoireachta, atá i gceist. Tá teanga ar leith a chaithfear a smachtú le bheith i diriseoir chlóite agus tá teangacha eile laistigh den teanga sin, ina measc teanga an scéil nuachta, teanga an ghné-ailt, teanga an cholúin agus teanga an agallaimh.

Nílim ag rá gur ealáin dhiamhar í, ach muna mbeadh an méid thuas fíor, scríobhfadh gach acadamhaí alt nuachtáin maith nó suimiúil duit, bheadh éinne a bhfuil eolas acu ar an spórt ábalta colún maith spóirt a scríobh agus bheadh éinne ar suim leo an amharclann ábalta léirmheas maith ar dhráma a scríobh.

Ní bheadh formhór na gcraoltóirí a thugann faoin scríbhneoireacht agus formhór na scríbhneoirí a thugann faoin gcraolatóireacht chomh hainnis sin ach an oiread.

Ní leor an dea-Ghaeilge agus splanc mheabhrach le bheith i d'iriseoir Gaeilge. Faoi láthair, tá líon beag daoine a bhfuil plé rialta nó lánaimseartha acu leis an iriseoireacht chlóite as Gaeilge, go bhféadfaí a rá fúthu go bhfuil an teanga bhreise sin atá riachtanach acu.

Ní mór cur leis an líon sin. Tús maith a bheidh sa cheardlann cónaithe a bheidh á reáchtáil in Óstán Silverbirch ar an Ómaigh ar an 23/24 Meán Fómhair agus ar an 28/29 Deireadh Fómhair.

Is í Regina Uí Chollatáin, léachtóir in Ollscoil na hÉireann Baile Átha Cliath, a bheidh i mbun na ceardlainne agus beidh Cathal Mac Coille agus Anton Mac Cába ina n-aoichainteoirí ann. Is féidir tuilleadh eolais a fháil ó stiúrthóir na ceardlainne ag seoladh ríomhphoist ruichollatain@iol.ie agus ag 086-8060605.

Tá Seán Tadhg Ó Gairbhí ina eagarthóir ar Foinse, príomhnuachtán náisiúnta na Gaeilge. Is féidir le daoine síntiús a fháil ach scairt ar 091-595520 nó www.foinse.ie