Cú gan choinne

Is minic a bhí coup mall sona agus is olc an coup nach fiú fead a ligean air

Rith drochsmaointe liom ar mo mharana meánoíche le linn Lá Fhéile Pádraig agus a lean. Níor bhain siad go sonrach leis na leipreacháin, ná na paddaíhataí ná Pádraig féin ag déanamh aithrise ar Santa Claus cé nach dtagann siad sin ar fad idir mé agus ciceáil an mhadra. Is é go raibh an Stát á rith gan smacht, gan stiúir, gan aon neach aitheanta á ainliú.

Bhí an Taoiseach féin (atá fós sa chathaoir sin, go fiú má tá an doras amach) sna Stáit ag bronnadh seamróige nó seamair ar Bhiden nuair nach raibh sé róghnóthach ag dáileadh airm chun páistí a mharú sa talamh naofa; agus bhí an Ceann Comhairle sa Spáinn féachaint an dtiocfaidís i gcabhair orainn arís fad is nach rachadh an loingeas ar na carraigeacha an uair seo; agus Michael McGrath sa tSín ag iarraidh rogha a dhéanamh idir uimhreacha 22 agus 27 ar an mbiachlár.

Fad an ama sin bhí Paschal ag déanamh bolg-gháire sa Bhulgáir, Simon an Cóibheánach san Ind ag lorg ceachtanna toghcháin ó Mhodi agus Darragh O’Brien san Afraic Theas ag foghlaim conas bailte cairtpháipéir agus tithe as boscaí a dhéanamh go gasta.

Ní fios ar fhoghlaim Dara Calleary tada mar gheall ar an tslí is éifeachtaí le coup d’état a eagrú agus é sa Pheiriú, sa tSile agus san Airgintín, ach b’in ábhar mo dhrochsmaointe, nach raibh aon duine, ar éigean, sa bhaile. Dá mbeadh fonn ar aon ghrúpa nó baicle nó buíon nó geaing féin amuigh ansin coup a chur i bhfeidhm ní raibh tráth ar bith go raibh an uain níos oiriúnaí chuige.

READ MORE

Tar éis an tsaoil, níl an seanchoup d’état imithe den saol in aon chor. Ceart go leor, déarfaí go bhfuil coitianta go maith san Afraic, abraimis in Buircíne Fasó sna blianta 2021, 22, 23 gan ach cuid an bheagáin a lua, agus daoine ag feitheamh le ceann na bliana seo. Cuir Mailí agus an Nígir leis sin, agus scata nár éirigh leo, gan trácht ar an gceann leanúnach atá ar bun sa tSúdáin, agus chuirfeadh sé ceannaire ar bith ó chodladh sámh ar an adhairt ina leaba bhog.

Sin an Afraic, adeir tú. Ach chuaigh gabháil crutha eile ar rialtas na Rúise sa bhliain 1993, agus iarracht sa Tuirc in 2016, agus ceann gur theip air sa Phortaingéil in 1975, gan trácht in aon chor ar Cecil King i Sasana ag iarraidh tabhairt ar Louis Mountbatten dul i gceannas an rialtais dá mba rud é gur díbríodh Harold Wilson sa bhliain 1968 agus iad ag ullmhú chuige.

Is fíor nach bhfuil aon chleachtadh againn ar coupanna a eagrú i gceart anseo, cé gur dhein an Ginearál Ó Dufaigh, an té a bhí ina chéad cheannaire ar Fhine Gael tráth, a dhícheall aithris a dhéanamh ar Mussolini lena mháirseáil phleanáilte ar Bhaile Átha Cliath in 1933. Ní nós neamhchoitianta é sin ag daoine ar mór acu ‘dlí agus ord’ i gciall amháin den nath sin.

Cé gurb é an Dáil a thoghann an Taoiseach ar deireadh, is cuma nó coup d’état parlaiminteach atá againn, ceannaire nua nár thogh an pobal. Is minic a bhí coup mall sona agus is olc an coup nach fiú fead a ligean air. Mar sin féin, le ceithre lá anuas táimid ag éisteacht le obit bheo ar Leo, pribhléid nach mbíonn ag mórán. Dúradh go leor ina thaobh nuair a d’fhág sé an stáitse (ar dheis) Dé Céadaoin seo caite, ach sula mbeidh púiríní ar a charn polaitíochta beidh na clocha liatha ag princeam le háthas.

Is mairg a bheadh ina ainmhí polaitiúil, ach tá aon rud amháin cinnte. Ní bheidh orainne, leisceoirí agus liairní díomhaoine, éirí go moch ar maidin feasta.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar